bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
James 4
James 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Cread as á néirghid cogtha agus comhruic eadruibh? a né nach úadh so, eadhon ó bhur nanntoiluibh féin bhíos ag cathúghadh ann bhur mballuibh?
2
Santuighe sibh ní, agus ní bhíonn sé aguibh: bhí sib hag marbhadh, agus ag iomthnúthughadh, agus ní féidir libh ní fhagháil: do ní aguibh, do bhrígh nach íarrann sibh.
3
Iárruidh sibh, agus ní gheibh sibh, éinní, do bhrígh go níarrthaói go holc, ionnus go mbíadh sibh ag caitheamh ré bhur míangusaibh féin.
4
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
5
An saóileann sibh gur díomhaóin a deir an sgriobtúir, Go mbi an spiorad chomhnuigheas ionnuinn fonnmhar a dtnúth?
6
Gidheadh do bheir úadha grása ní sa mhó. Uime sin a deir sé, Cuiridh Día a naghuidh na nuáibhreach, achd do bheir grása do númhal.
7
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.
8
Druidigh ré Día, agus druidfé sé ribh. Glanuidh bhur lámha, a pheacacha; agus glanuigh bhur gcroídhthe, a luchd na dá intinne.
9
Fuilngidh anshógh, agus déunuidh caóidh, agus gul: iompoighthear bhur ngáire a ndoilgheas, agus bhur ngáirdeachas a ndóbrón.
10
Islíghe sibh féin a bhfiadnuise an Tíghearna, agus áirdéocha sé sibh.
11
Ná lábhruidh go holc ar a chéile, a dhearbhráithre. An tí lábhrus go holc a dhearbhráthair, agus an tí dhamnuigheas a dhearbhráthair, lábhruigh sé go holc ar an réachd, agus damnuighe sé an reachd: agus má dhamnuigheann tú an reachd, ní fear coimhlíonta an réachda thú, achd breitheamh.
12
Atá áon ann do bheír reachd úadha, agá bhfuil cúmhachda sáortha agus sgriosda: cía thusa dhamnuigheas neach eile?
13
Súd chuige, sibh a nois a dhream a deir, Racham a niúgh nó a márach dhá samhail so do chathruigh, agus do dhéunam comhnuighe innte feadh blíadhna, agus bíam ag reíc agus ag ceannach, agus ag fagháil eudála:
14
Agus fós gan a fhios aguibh créd é bhur ccor a márach. Oír créd lér cosmhuil bhur mbeatha? Ré gal bhíos ré fhaicsin, ar feadh tamuill, agus na dhiaigh sin théid air neimhní.
15
Sa náit ar chóir dhíbh a rádh, Do thoíl an Tíghearna, agus dá rabhum béo, dhéunam so no súd.
16
Achd a nois do ni sibh mordháil as bhur núabhar féin: is olc gachd mórdháil dá shamhuil sin.
17
Uime sin an tí atá iúlmhar ar mhaith do dhéunamh, agus nach déun í, as peacadh dhó é.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5