bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
James 3
James 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
A dhearbhraithre, ná déunuidh iomad maighisdreachda, ar mbeíth a fheasa aguibh gur móide ar breatheamhnus ghlacfamaóid.
2
Oír ciontuighemid uile a móran do neithibh. Gidh bé nach cciontuigheann a mbreithir, as duine diongmhálta é, lér féidir fos srían do chur ris an gcoluinn uile.
3
Féuch, cuirmid sríanta a mbéuluibh nan each, chum íad dúmhlughadh dhúinn; agus do bheirmíd air a gcorp uile íompogh fá gcúairt.
4
Féuch mar an gcéudna na longa, bíodh go bhfuilid ro mhór, agus go ngluáisdear íad ré gáothuibh garbha, fós iompoighthear íad fá gcuáirt ré sdíuir ro bhig, gidh bé ar bith árd a dtogrann fear na sdiúire.
5
As ámhluidh sin as ball beag an teanguidh, agus do ní mordháil mhór. Feuch, créud é méud a nadhbhair lasas ré teine bhig!
6
Agus as teine an teanguidh, domhan na héugcora: as mar sin atá an teanguidh ar na suígheadh a measg arm ball, go salchann an corp uile, agus go gcuireann air lasadh sdaid ar mbeatha ó gheintear sinn; agus is ó ifrion lastar í.
7
Oír ceannsuighthear, agus do rinneadh ceannsa ris a nadúir dháonna, gach uile nadúir ainmhinnteadh nallta, agus éunlaithe, agus na neitheann shnámhas an talamh agus a nfairrge:
8
Achd ní héidir daóinneach an teanguidh cheannsughadh: olc dóriartha, lán do nímh mharbhthuigh.
9
Do bheirmid ria glóir do Dhía, agus don Nathair; agus bímid ag mallúghadh na ndaóine ría, noch do cruthuigheadh do réir chosamhlachd Dé.
10
Tig mallúghadh agus beannúghadh as eun bhéul amháin. A dhearbhraithre, ní coir na neithese bheíth mar so.
11
An gcuireann tiubruid uáithe amach as éin tslighe amháin uisge milis agus searbh?
12
An féidir a dhearbhráithre, do chrann fige, cáora chrainn ola thabhairt úadh? nó do chrann fíneamhna, fígighe? is amhluidh sin nach féidir do thiubruid ar bith uisge sáile agus fioruisge do thabhairt úadh.
13
Cía atá na dhuine eagnuidhe íulmhar eadruibh? taisbéunadh sé a oibreacha féin as a choinbhearsáid mháith maille ré ceannsachd éagna.
14
Gidheadh má bhíonn séarbhus tnútha agus brosdughadh feirge aguibh an bhur gcroidhthibh, ná déunuidh mórdháil, ná bréug a naghuidh na fírinne.
15
Ní ó neamh thig a néagnasa, achd atá sí talmhuighe, colluidhe, diabhluidhe.
16
Oír sa náit ann a bhfuil tnúth agus consbóid, bí buáidhirt ann agus gách uile dhroichghníomh.
17
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
18
Agus síolchurthar toradh na fíreuntachda a síothcháin do luchd déunta na síothchána.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5