bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
James 2
James 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
A dhearbhraithre, ná bíodh creideamh ar Dtíghearna ghlórmhar Iósa Críosd aguibh, maille ré féuchain do phearsuin seach a chéile.
2
Oír dá dtí neach a steach da bhur gcoimhthíonól ar a mbiáidh fáinne óir, a néudach lonnrach, agus go dtiucfuidh duine bochd mar an gcéudna a néudach thruáillighe;
3
Agus go mbiáidh féuchain aguibh don tí ar a mbí an téudach lonnrach, agus go naibéora sibh ris, Suighse sa nionad onórachsa; agus go naibéora sibh ris an duine bochd, Seasaimhse ann sin thall, no suígh ann so faói sdol mo chos:
4
A né nach bhfuil sibh ag breathnughadh eadruibh féin, agus do rinneadh breitheamhuin díbh air dhroch smuáintighibh?
5
Eisdigh, a dhearbhráithre grádhacha, A né nár thogh Día boichd an tsáoghailse, sáidhbhir a gcreideamh, agus na noighrighibh na rioghachda noch do gheall sé don druing ghrádhuigheas é?
6
Achd tugabhairse easonóir don bhochd. A né nach déunuid na sáidhbhir ro iomarcuigh oruibh, agus a né nach dtairrngid sibh chum breatheamhnuis?
7
A né nach dtabhruid síad masla don nainm óidheirc as a nainmnighthear sibh?
8
Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:
9
Achd má bhíonn féuchain do phearsuin seach a chéile aguibh, do ní sibh peacadh, agus éilighthear sibh ón réachd mar luchd sáruighe.
10
Oir gidh bé neach choimhlíonfus an reachd uile, agus gheubhas tuisleadh a néun áithne amháin, ata sé ciontach ionnta uile.
11
Oír an tí a dubhairt, Ná déun adhaltrannas, a dubhairt sé mar an gcéudna, Ná déun dúnmharbhadh. Agus bíodh nach ndéun tú adhaltrannas, achd go ndéun tú dúnmharbhadh, do rinneadh fear sáruighe an réachda dhíot.
12
Go madh hamhluigh laibhéorthaói, agus go madh hamhluidh dhéunas sibh, mar an luchd ar a ndéuntar breitheamhnus tré reachd na saóirsi.
13
Oír breitheamhnus gan trócaire, don tí nach dearnadh trócaire; agus do ní an trócaire gáirdeachas a naghuidh an bhreitheamhnuis.
14
Créd é an tarbha, a dhearbhráithre, do neach a rádh go bhfuil creideamh aige, agus gan oibreacha aige? an bhféudann an creideamh a sháoradh?
15
Oir da raibh dearbhráthair nó deirbhshíur lomnochduighe, agus a riachdanas na béatha láetheamhla,
16
Agus go naibéora neach aguibhse ríu, Imthighe rómhuibh a síothchain, goruidh sibh féin agus líonuigh bhur mbuilg; agus gan sibh do thabhairt na neitheann atá na riachdanas ar an gcolainn dóibh; créd é a tharbha sin?
17
As amhluidh sin an chreideamh mar an gcéudna, muna bhfuilid oibreacha aige, atá sé marbh ann féin.
18
Achd, a déuruidh neach éigin, Atá creideamh agadsa, agus atáid oibreacha agumsa: taisbéinse dhámhsa do chreideamh a bhféugmuis hoibreacha, agus taisbéuneadsa mo chreidimh dhuitse as mhoibreachuibh.
19
Creidigh tusa go bhfuil áon Ndía ann; as maith do ní tú sin: creidid na deamhuin féin mar an gcéudna, agus criothnuighid síad.
20
Achd a dhuine dhíomhaóin, an mían leachd a fhios dfágháil, gur marbh an creideamh gan oibreachuibh?
21
A né nach ó oibreachuibh do rinneadh ar nathair Abráham fíréunta, an tan dforáil sé a mhác Isaac ar naltóir?
22
A né nach léir dhuit go raibh an creideamh ag comhoibriughadh maille ré na ghníomharthuibh, agus gur ab as na gníomharthuibh do rinneadh an creideamh diongmhálta?
23
Agus do coimhlíonadh an sgriobtúir a deir, Do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é na fhiréuntachd: agus do goireadh Caruid Dé dhe.
24
Ar a nadhbharsin do chí sibh gur ab as oibreachuibh do nithear duine fíreunta, agus nach as creideamh amháin.
25
Agus mar an gcéudna fós an mheirdreach Rahab, a né nách as oibreachuibh do rinenadh firéunta í, an tan tug sí aóidheachd do na teachdaireadhibh, agus do chuir sí uáithe íad a slighe eile?
26
Oir amhuil is marbh an corp a bhféugmhuis na spioruide, as amhluidh sin mar an gcéudna bhíos an creideamh marbh gan oibreachuibh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5