bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
James 5
James 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Ag súd chuige sibh a nois, a dhaóine saighbhre, déunuidh gul agus uáillfeartach, ar son na namhgar thiucfus oruibh.
2
Atá bhur saidhbhrios lóbhtha, atá bhur gcluigheacha ar na nithe ó mhíoluibh críona.
3
Atá bhur nór agus bhur náirgead ar nglacadh meirge; agus biáidh a meirg na fíadhnuise bhur naghuidh, agus cnaóifidh sí bhur bhfeóil mar theine. Do rinneabhair cisde fá chómhair ná laétheadh ndeigheanach.
4
Féuch, atá túarásdal an luch oibre do bhean bhur nguirt, do chunnaimh sibh úatha tre hengcóir, ag éighmhe: agus do chuádar éighmhe an luchd búana a steach a gclúasaibh Tíghearna na slógh.
5
Do chaitheabhair bhur mbeatha a sáimhe, agus a macnuis ar an dtalamh; tugabhair oileamhuin dá bhur gcroidhthibh, amhuil a ló fhéusda.
6
Do dhamnuighe agus do mharbh sibh an firéun; agus níor chuir sé bhur nadhuigh.
7
Uime sin a dhearbhráithre, bíghidh foighideach, go teachd an Tíghearna. Féuch, bí an treabhach ag fuireach re toradh mórluáidh na talmhan, agus fanuidh sé ris maille ré foíghid, nó go bhfaghann sé fearthuin na maiden agus an tráthnóna.
8
Bíghidhse mar an gcéudna foighideach; agus neartuighe bhur gcroídhthe: óir is fogus dúinn teachd an Tíghearna.
9
Ná bíghidh ag gnúsuchduigh ar a chéile, a dhearbhráithre, deagla bhur ndamnuighthe: féuch, atá an breitheamh na sheasamh ag an doras.
10
Gabhuidh chúguibh, a dhearbhráithre, na fáidhe, do labhair a naimn an Tíghearna, mar eisiompláire fúlaing anshóigh, agus foighide imchéine.
11
Féuch, measmaóid gur beannuigh an drong bheir fúlang úatha. Do chúalabhair teachd air fhoighid Iób, agus do chonnairc sibh críoch an Tíghearna; oír atá an Tíghearna lán do thruáighe, agus do thrócaire.
12
Agus roimh na huile neitheibh, a dheabhráithre, ná tabhruidh mionna, mar atá neamh, ná talamh, na mionna ar bith eile: achd go madh bé bhur gcomhrádh aseadh, aseadh; agus ní headh, ní headh; deagla tuiteam dhíbh a ndamnughadh.
13
An bhfuil éinneach eadruibh ar na bhuáidhreadh? déunadh sé urnuighe. An bhfuil subhachas ar éinneach? cánadh sé sailm.
14
An bhfuil éinneach éugruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsearuibh na heagluise, agus déunuidís guídhe ar a shon, ar na ungadh dhóibh ré hola a nainm an Tíghearna:
15
Agus sábhálfuidh urnuighe an chreidimh an teaslán, agus tóigéabhuidh an Tíghearna súas é; agus má rinne sé peacuigh, do gheabhuidh sé maitheamhnas ionnta.
16
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
17
Do bhí Elías na dhuine anbhfann cosmhuil rinne, agus do ghuidh sé go dúthrachdach fá gan fhearthuinn do bheith ann: agus ní dhearnadh fearthuin ar an dtalamh feadh thrí mbliadhan agus sé míos.
18
Agus do ghuídh sé a rís, agus tug neamh fearthuin úadha, agus tug an talamh a thoradh.
19
A dheabhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfírinne, agus gur impóigh éinneach é;
20
Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5