bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Lamentations 1
Lamentations 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Ciondus shuighios an chathair go huáigneach, do bhí lán do dhaóinibh! ciondus atá sí cosmhuil re baintreabhuigh! ise noch do bhí mór a measc na ccineadhach, agus na bainphrionnsa a measc na bprobhinuseadh, ciondus thainic sí fa dhuibhchíos!
2
Guilidh sí go géar annsa noidhche, agus atá a deóra air a grúadhuibh: a measc a háos grádha uile ní bhfuil aon aice chomhfhurtuighios í: do rinneadar a cáirde uile feall uirre, atáid síad na námhaid aice.
3
Do chuáidh Iúdah a mbraighdionus do bhrígh aindeise, agus do bhrígh daóirsine móire: aitreabhuich sí a measc na ngeinteadh, ni fhaghan sí suáimhnios ar bith: rugadar a hinghreamuigh uile uirre a measc na ccumhgach.
4
Caóinid slighthe Shion, do bhrígh nach ttíg duine ar bith chum a nféusta shollamonta: atáid a huile gheatadha uáigneach: osnuighid a sagairt uile, atáid a maighdiona píanta, agus atá sí féin a searbhus.
5
A síad a naimhde a húachtaráin, rug a naimhde biseach; óir do choirigh an TIGHEARNA í do bhrígh iomad a hégceirt: do chúadar a clann a mbraighdionas roimhe a námhaid.
6
Agus dimthigh a sgíamh uile ó inghin Shion: atáid a prionnsadha amhuil cairrfhiadha nach bhfaghann ingheilt ar bith, agus dimthigheadar gan neart roimhe an tingreamthach.
7
Do chuimhnigh Ierusalem a láethibh a háindeise agus a bochtuine ar a huile neithibh sólasacha do bhí aice annsna láethibh a nallód, an tan do thuiteadar a daoine a láimh a námhad, agus nar chuidigh duine ar bith ría: do chonncadar a naimhde í, agus do rinneadar magadh fa na sabbóidibh.
8
Do pheacaidh Ierusalem go hiomarcach; uimesin atá si ar na háthrughadh: an mhéid do onóruigh í tarcuisnighid í, do bhrígh go bhfacus a náire: a seadh, osnaghuidh sí, agus fillidh síar ar a hais.
9
Atá a salchar iona sciortuighibh; ní chuimhnighionn sí a críoch dheiridh; uimesin tháinic sí sios go hiongantach: ní raibh cobharthach ar bith aice. A THIGHEARNA, féuch maindéise: óir do mhéaduidh an námhuid é féin.
10
Do leathnuigh an námhaid a lámh amach ar a huile neithibh sólasacha: óir do chonnairc sí go ndeachadar na geinte a steach dá sanctóra, noch dar aithin tú nach ttiucfaidis a steach ann do chomhchruinniughadh.
11
Osnaghuid a daoine uile, íarruid síad arán; thugadar a neithe taitneamhacha ar bhíadh dfurtacht a nanma: féuch, a THIGHEARNA, agus meas; óir atáimsi taircuisneach.
12
¶ An ní gan suim dhibh é, an mhéid agaibhsi uile ghabhus láimh riom? féuchuidh, agus faicidh an bhfuil dobrón ar bioth mar mo dhóbhrónsa, noch do rinneadh orum, ler smachtaigh an TIGHEARNA mé a ló a fheirge buirbe.
13
O náird a núas do chuir sé teine ann mo chnámhuibh, agus beirigh sí buáidh na naghaidh: do leathnuigh sé líon roimhe mo chosaibh, dfill sé ar mais mé: do rinne sé áonránach mé agus lag ar feadh an laói.
14
Do cheangail a lámha cuibhreach meigceirt: do sniomhadh sé íad, agus thangadar súas fám mhuinéal: thug sé ar mo neart tuitim, do sheachuid an TIGHEARNA iona lámhuibh mé, go nach bhféaduim éirghe súas.
15
Do shaltair an TIGHEARNA síos mo dhaoine cumhachtacha uile ann mo lár: do ghoir sé oireachtus am aghaidh do brúigheadh mo dhaóine óga: do bhrúigh an TIGHEARNA an mhaighdion, inghean Iúdah, amhuil budh a númar fíona.
16
Ar son na neitheannso caóidhimsi; silidh mo shúil síos lé huisce, do bhrígh go bhfuil an cabharthach noch do bhéaradh cabhair dom anam a bhfad uáin: atáid mo chlann uáigneach, do bhrígh go rug an námhaid buáidh.
17
Sínidh Sion amach a lámha, agus ní bhfuil duine ar bith chabhruighios í: thug an TIGHEARNA áithne a ttáobh Iácob, go mbía a naimhde fá ccuáirt iona thimchioll: atá Ierusalem mar mhnaói úathbhásaigh iona measc.
18
¶ Atá an TIGHEARNA ceart; óir do chathuigh misi a nadhuigh a aitheantadh: éistigh, íarruim dathchuinge oruibh, a phobal uile, agus féuchuidh mo dhóbrón: do chúadar mo mhaighdiona agus mo dhaóine óga a mbraighdionus.
19
Do ghoir mé ar maosgradha, acht do mhealladar mé: déugadar mó shagairt agus mo shinnsir annsa chathruigh, an feadh díarradar a mbíadh dfurtachd a nanmann.
20
Féuch, a THIGHEARNA; óir atáimsi a naindeise: atáid minnidhe a mbuáidhirt; diompoigh mo chroidhe ionnam a stigh; óir do chúaidh me a neasumhlachd go hiomarcach: marbhuidh an cloidheamh amuigh, an bás a stigh.
21
Do chúaladar go nosnaghuimsi: ní bhfuil duine ar bith dom chomhfhurtacht: do chúaladar mo naimhde uile mo thrioblóid; atá lúathgháir orra do bhrígh go ndéarna tú sin: do bhéara tú an lá noch dfuagair tú, agus béid siadsan cosmhuil riomsa.
22
Tigeadh a néigceart uile dot lathair; agus déan ríu, mar do rinne tú riomsa ar son mégceart uile: óir is iomadamhuil mosnadha, agus lag mo chroidhe.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
Recommended Reading
Commentary
Lamentations Commentaries
→
Devotional
Lamentations Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→