bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Lamentations 3
Lamentations 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Is misi an duine do chonnairc aindeise le slait a fheirge.
2
Do thréoruigh sé misi, agus rug sé a ndorchadas mé, acht ní chum soluis.
3
Go deimhin diompoigh sé am aghaidh; fillidh sé a lámh am aghaidh air feadh an láe.
4
Do rinne sé mfeóil agus mo chroiceann foirfe; do bhris sé mo chnámha.
5
Do shuidh sé am aghaidh, agus do thimchill sé mé lé dumblas agus le hastar.
6
Do shuighidh sé mé a náitibh dorcha, mar na daoinibh fuáir bás fada ó shin.
7
Do chuir sé fál am thimchioll fá ccuáirt, go nach bhféaduim teacht amach: do rinne sé mo shlabhradha trom.
8
Mar an ccéadna a nuáir chomhaircim agus gháirim, congmhuidh sé murnaigh amach.
9
Do iáidh sé a stigh mo shlighthe lé clochaibh snoighte, do rinne sé mo chasáin cam.
10
Do bhí sé dhamhsa amhuil beithir a luidheachán, agus amhuil leomhan a náitibh uáigneacha.
11
Dfill sé mo shlighthe do leathtaóibh, do tharruing sé am chotchannuibh mé: do rinne sé áonránach mé.
12
Do cham sé a bhógha, agus do shuighidh sé misi mar chomhartha dha shoighid.
13
Thug sé ar shoighdibh a bholgáin dul a steach ann mo dhubhánuibh.
14
Do bhí mé am mhagadh dom dhaóinibh uile; agus am abhrán ar feadh an láe.
15
Do líon sé mé lé searbhus, do chuir sé ar meisce mé lé murmónta.
16
Do bhris sé fós mfíacla lé clochaibh gainmhéin, dfoluigh sé mé lé luáith.
17
Agus dáthruigh tú manam a bhfad ó shíothcháin: do dhearmuid mé sonas.
18
Agus a dubhairt mé, Atá mo neart agus mo dhótchus ar na mughadh ón TTIGHEARNA:
19
Ag cuimhniughadh maindeise agus mo bhochtuine, an murmónta agus an dumblas.
20
Atáid síad a ccuimhne do ghnáth ag manain, agus do humhluigheadh ionnam é.
21
Goirim so a rís chum minntinne, uimesin atá dóthchus agam.
22
¶ Is do thrócaire an TIGHEARNA nach bhfuilmíd aidhmhillte, do bhrígh nach bhfáillighid a ghrása.
23
Atáid núadh gach aon mhaidin: is mór thfíreantachtsa.
24
Isé an TIGHEARNA mo chuid ronna, a deir manum; uimesin is ann bhías mo dhóigh.
25
Is maith an TIGHEARNA don mhéid fheithfios air, do nanam íarras é.
26
Is maith go ccuirfeadh duine a dhóigh aráon agus go bhfeithfeadh go ceannsa air shlánughadh an TIGHEARNA.
27
Is maith do dhuine an chuing diomchar iona óige.
28
Suighidh sé na áonar, agus bídh sé na thochd, do bhrígh gur ghabh sé air féin é.
29
Cúiridh sé a bhéul annsa luáithreadh; dá madh éidir dóthchus do bheith ann.
30
Do bheir sé a ghruáidh don té bhuáileas é: atá sé ar na líonadh lán do sgannail.
31
Oír ní theilgfidh an TIGHEARNA dhe go brath:
32
Acht ma tá go noibríghionn sé doilghios, gidheadh biáidh truaige aige do réir iomaid a thrócaireadh.
33
Oír ní phíanann sé go toileamhuil ní mó ghortuighionn sé clann na ndaóine.
34
Do bhrughadh phríosúnach na talmhan uile fa na chosaibh,
35
Diompógh ceart duine do leathtaoibh as coinne aighthe an tí is ro Airde,
36
Do chlaóidh duine iona chúis, ní dhearbhann an TIGHEARNA.
37
¶ Cía hé an té a deir, agus go dtiucfa a ccrích, a nuáir nach áithnighionn an TIGHEARNA é?
38
A né nach ttig maith agus olc as béul an té is ro Airde?
39
Uimesin cred fa ngearánan duine béo, duine ar son pionóis a pheacaidh?
40
Spíonam agus dearbham ar slighthe, agus filleam a rís chum an TIGHEARNA.
41
Tógbham súas ar ccroidhthe maille re ar lámhuibh chum Dé annsna neamhuibh.
42
Do chionntuigheamar agus do rinneamar cogadh: agus níor mhaith tusa.
43
Dfoluigh tú lé feirg, agus do ainlean tú sinn: do mharbh tú, ní raibh truáighe agad.
44
Dfoluigh tú thú féin lé néull, iondus nach rachaidís ar nurnaighthe thríd.
45
Do rinne tú sinne amhuil salchar, agus droichmheasta a measg an phobail.
46
Dfoscladar ar naimhde uile a mbéul ar naghaidh.
47
Tháinic eagla agus paintéar oruinn, áonránacht agus aidhmhilleadh.
48
Silid mo shúile síos lé srothaibh uisge, do bhrígh aidhmhillte inghine mo dhaóine,
49
Dóirtidh mo shúil síos, agus ní scuirionn sí, gan chosg ar bith.
50
Nó go bhféucha an TIGHEARNA a núas, agus go bhfaicidh ó neamh.
51
Doilghiosuigh mo shúil mo chroidhe do bhrígh uile ingheana mo chaithreach.
52
Do leanadar mo naimhde mé go géur, amhuil éun, gan adhbhar.
53
Do ghearradar amach manam annsa charcair, agus do theilgeadar clocha orum.
54
Do thuiligheadar uisgeadha thar mo cheann; annsin a dubhairt mé, Do gearradh amach mé.
55
Do ghoir mé ar hainmsi, a THIGHEARNA, as an ccarcair íochtaruigh.
56
Do chúala tú mo ghuth: na céil do chlúas aír manáilsi, rem éighiomh.
57
Tháinic tú a ccomhghar annsa ló ar ghoir mé ort: a dubhairt tú, Ná bíodh eagla ort.
58
O a THIGHEARNA, do thagair tusa cúise manma; dfúasgail tú manam.
59
O a THIGHEARNA, do chonnairc tú meagcóir: beir breath ar mo chúis.
60
Do chonnairc tú a ndioghaltas uile agus a smúaintighthe uile am aghaidhsi.
61
Do chúala tú a masla, a THIGHEARNA, agus a ttionnscanta uile am aghaidh;
62
Puisíne na druinge déirigh súas am aghaidh, agus a ttionnscanta am aghuidh ar feadh an láe.
63
Féuch a suighe síos, agus a néirghe súas; is misi a ccéol,
64
Cúitigh ríu luáigheacht, a TIGHEARNA, do réir oibre a lámh.
65
Tabhair doilghios croidhe dhóibh, tabhair do mhallacht dóibh.
66
Ainlean agus díobháidh íad a bhfeirg go nach béid faói neamhuibh an TIGHEARNA.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5