bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Lamentations 5
Lamentations 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Cuimhnigh, a THIGHEARNA, cred tháinic oruinn: meas, agus féuch ar masla.
2
Do hiompoigheadh ar noighreacht chum coimhthightheach, ar ttighthe chum eachtrannadh.
3
Atámaoid ar ndílleachtaibh agus gan athair, ar máithre mar bhaintreabhachaibh.
4
Dibheamar ar nuisge air airgiod; do reacadh ar ccoill rinn.
5
Atáid ar muinéil fa inghreim: sáothruigheamuid, agus ni fhaghmuid suáimhneas ar bith.
6
Thugamar an lámh do na Hégipteachaibh, agus do na Hassirianachaibh, dar sásadh lé harán.
7
Do pheacuigheadar ar naithre, agus ní mhairid, agus diomchramairne a néigceart.
8
Do bhádar seirbhísigh na núachtaránnibh oruinn: ní bhfuil duine ar bith shaorus sinn as a lámhuibh.
9
Fúaramar ar narán lé guáis ar nanmann do bhrígh chloidhimh a nfásaigh.
10
Do bhí ar ccroicionn dubh cosmhuil re sorn, do bhrígh na gorta adhfhúathmhaire.
11
Déignigheadar na mná a Sion, agus na maighdiona a ccaithreachaibh Iúdah.
12
Do crochadh prionnsadha súas lé na láimh: agus níor honóruigheadh aighthe na seanoireadh.
13
Do ghabhadar na hógánuigh chum meilte, agus do thuitiodar an chlann faói an cconnadh.
14
Do scuireadar na seanóiridhe ón gheata, na hóganuigh ó ná ccéol.
15
Do scuir gáirdeachus ar ccróidhe; do hiompoigheadh ar ndamhsa chum dóbróin.
16
Do thuit an choróin ó ar cceann: is trúagh dhúinn, do bhrígh gur pheacuigheamar!
17
Ar a shon so atá ar ccroidhe anbhfann; do bhrígh na neitheannso atáid ar súile lagradharcach.
18
Do bhrigh shléibhe Sion, noch atá uáigneach, siubhluighid na sionnaigh air.
19
Thusa, a THIGHEARNA, mairidh tú go síorruidhe; do chathaóir ó ghinealach go ginealach.
20
Cred fá ndearmaduigheann tú sinne go bráth, agus fa ttréigion tú sinn an comhfhadsa daimsir?
21
Iompoighse sinne chugad, a THIGHEARNA, agus biaim air ar niompóghadh; athnúadhaidh ar láethe amhuil a nallód.
22
Acht do theilg tú dhíot sinn thríd amach; atá tú ro fheargach ar naghaidh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5