bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Lamentations 4
Lamentations 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Ciondus tháinic an tór chum bheith dorcha! cionndus do háthruigheadh an tór ro fhínealta! do teilgeadh amach clocha na sanctora a mullach gach áontsráide.
2
Mic mhórluaigh Sion, a ccoimhmeas ré hór fínealta, ciondus atáid ar na meas amhuil meadar críadh, obair an photadóra!
3
Eadhon tairngid na míolta móra an chíoch amach, do bheirid cíocha dá nóguibh: atá inghean mo dhaoinesi éattrócaireach, cosmhuil rís a nostric annsa bhfásach.
4
Ceangluidh teanga naóidhin na ccíoch do charbad a bhéil lé tart: íarruid an chlann óg arán, agus ní bhrisionn duine ar bith chuca é.
5
An drong do bhíathuidh go sóghamhuil atáid áonránach annsna sráidibh: an lucht tugadh súas a scairléad grádhuighid síad na cárnáin aóiligh.
6
Oír is mó péin éaigceart inghine mo dhaóinesi na péin pheacaidh Shodom, noch do díothlaithriughadh a móment, agus nar fhan lámha ar bith uirre.
7
Do budh gloine a Nasarítigh ná sneachda, do budh gile íad ná bainne, do budh deirge a ccuirp ná rubínidh, do bhí a míne mar shaphir:
8
Is duibhe a ngnúis ná gúal; ní haitheantar annsna sráidibh íad: ceangluidh a ccroicionn dá ccnámhuibh; do chríon sé, is cosmhuil é lé maide.
9
Is féarr an lucht marbhthar leis an ccloidheamh ná an lucht marbhthar leis an ngorta: óir seargaid, buáilte thríotha do dhíth toruidh an mhachaire.
10
Do bhruith lámha na mbán trúaghánta a cclann féin: budh íad a mbíadh a scrios inghine mo dhaóinesi.
11
Do choimhlíon an TIGHEARNA a dhíbhfhearg; do dhóirt sé amach a fhearg bhorb, agus do las sé teine ann Sion, agus do loisc sí a bunáite sin.
12
Ní chreidfidis ríghthe na talmhan, agus uile áitreabhthacha an domhuin, go rachaidh a neascara agus a námhuid a steach a ngeatadhuibh Ierusalem.
13
Ar son pheacadh a fágh, agus éigceart a sagart, noch do dhóirt fuil na bhfíréun iona lár,
14
Do sheachránadar amhuil daóine dalla annsna sráidibh, do thruáilleadar íad féin lé fuil, iondus nar fhéadadar daóine buáin re na néaduighibh.
15
Déighiodar orra, Imthighidhsi; atá sí neamhghlan; imthighidh, imthighidh, ná bainidh ríu: a nuáir do theitheadar rompa agus do sheachránadar, a dubhradar a measg na ngeinteadh, Ní choimhneochuid ní sa mhó ann sin.
16
Do roinn fearg an TIGHEARNA íad; ní chuirfidh sé suim ní sa mhó ionta: ní raibh meas aca air phearsannuibh na sagart, ní raibh fabhar aca do na sinnsioruibh.
17
Air ar soinne, dfáilligheadar ar súile fós far ccabhair dhiomhaóin: ann ar bhfaire dfeitheamar air chineadh nar fhéad ar ttárthail.
18
Lorgairid ar ccoiscéime, go nach bhféadmaoid siubhal ann ar sráidibh: atá ar ccríoch láimh rinn, do choimhlíonadh ar laethe; óir tháinic ar ccríoch.
19
Is luáithe ar ninghreamuigh náid iolair neimhe: dainleanadar síad sinn ar na sléibhtibh, do chuireadar luigheachán oruinn annsa bhfásach.
20
Do gabhadh ungthach an TIGHEARNA, anál ar bpolláireadh, iona logaibh, noch ré a ndubhramar, Faói na sgáile mhairfiom a measg na ngeinteadh.
21
¶ Gáirdigh agus bíodh lúathgháir ort, a inghean Edom, noch áitreabhus a bhfearann Us; rachuidh fós an cupán thairis chugadsa: biáidh tú ar meisce, agus do dhéana tú thú féin tárnochd.
22
Do coimhlíonadh pionós héigceirt, a inghean Shion; ní bhéara sé ní sa mhó thú a ndaoirsine: cuáirteocha sé héigceart, a inghean Edom; foillseochuidh sé do pheacuidhe.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5