bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Lamentations 2
Lamentations 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Ciondas dfoluigh an TIGHEARNA inghean Shion lé néull iona fheirg, agus do theilg sios ó neamh go talamh sgíamh Israel, agus nar chuimhnigh a chosstól a ló a fheirge!
2
Do shluig an Tighearna súas uile áitreabhthacha Iácob, ní dhéarna sé truáighe: do theilg sé síos iona fheirg daingneacha láidre inghine Iúdah; thug sé sios go talámh íad: do thruailligh sé an rioghacht agus a prionnsadha.
3
Do gheárr sé amach iona dhíbhfheirg adharc Israel uile: do tharruing sé ar a hais a lámh dheas ó roimhe a námhuid, agus do las sé a naghaidh Iácob cosmhuil ré teine lasamhuil, noch loisgeas timchioll fa ccuáirt.
4
Do cham sé a bhogha mar do dhéanadh námhuid: do sheas sé lé na láimh dheis mar easccaruid, agus do mharbh sé gach a raibh taitneamhach leis an tsúil a ttigh inghine Sion: do dhóirt sé amach a dhíbhfhearg amhuil teine.
5
Do bhí an TIGHEARNA mar námhuid: do shluig sé súas Israel, do shluig sé súas a páláis uile: do scrios sé a daingneacha láidre, agus do mhéaduigh sé a ninghin Iúdah dóbrón agus cumha.
6
Agus rug sé as go hégiontach a thigh, mar do bhíath amhuil gáirdín: do sgrios sé aíte a chomhthionnail: thug an TIGHEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do dhearmad a Sion, agus do tharcuisnigh sé a tteas a fheirge an sagart agus an rígh.
7
Do theilg an TIGHEARNA seachad a altóir, agus dfúathaigh sé a shanctóir; do sheachaid sé súas a láimh na námhad balladha a pháláis; do rinneadar gáir a ttigh an TIGHEARNA, amhuil a ló féusta sollamonta.
8
Do thríall an TIGHEARNA balladha inghine Sion do mhilleadh: do shín sé dorubha amach, níor chonnaimh sé a lámh ó aidhmhilleadh: uimesin thug sé air an dídean agus air an mballa caói, do chúadar a néagcrúas lé chéile.
9
Do sluigeadh a geatadha annsa talamh; do aidhmhill se agus do bhris se a barradha: agus atáid a rígh agus a prionnsadha a measc na Ngeinteadh: ní bhfuil dligheadh ann ní sa mhó; ní fhaicid a fáighe fós fis ar bith ón TTIGHEARNA.
10
Suighíd sinnsir inghine Sion air an ttalamh, agus bíd na ttochd: do theilgiodar luáithreadh air a cceannaibh; agus do chriosluigheadar íad féin lé saicéadhach: cromaid maighdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalamh.
11
Dfailligheadar mo shúile le déoruibh, atáid minnighe buáidheartha, do dóirteadh maéghe air an ttalamh, ar son aidhmhillte inghine mo dhaóine; do bhrígh go nanbhfainighid an chlann agus na naóidhin a sráidibh na caithreach.
12
A deir síad re na máithribh, Cáit a bhfuil arbhar agus fíon? an tan thuitid amhuil daóine gonta a sráidibh na caithreach, a nuáir dóirteadh a nanam amach a nucht a mathar.
13
Cred an ní ghéabhus mé dfiadhnuisi ar do shon? cred an ní shaimhleachus mé ríot, a inghean Ierusalem? cred chomhmórad ríot, chor go ccomhfhurtuighinn thú, a mhaighdion inghean Sion? óir is mór mar a nfairge do bhriseadh: cla fhéadas do leighios?
14
Do choncadar thfáighe neithe diomhaóine leamha dhuit: agus níor fhoillsígheadar hégceart, dfilleadh do dhaóirsine; acht do chonncadar úaluidhe neimhfhírinneacha dhuit agus cúise díbeartha.
15
An mhéid ghabhus thort buáilid síad a lámha as do choinnesi; do níd siad magadh agus croithid a ccinn air inghin Ierusalem, ag rádh, An í so an chathair dá ngoirdís daóine Iomláine sgéimhe. Agus sólás an domhuin uile?
16
Dfoscladar do naimhde uile a mbéul ad aghaidh: siosarnuid síad agus gíosanuid a bhfíacla: a deirid síad, Do shluigeamar súas í: go deimhin asé so an la lé raibh ar súil; fúaramar é, agus do choncamar é.
17
Do rinne an TIGHEARNA an ní do thionnscain sé; do choimhlíon sé a bríathar noch daithin sé annsna laéthibh a nallód: do theilg sé síos, agus níor ghabh truáighe é: agus thug sé air do námhuid gáirdiughadh ós do chionn, do chuir sé adharc heasccarad súas.
18
Déigh a ccroidhe chum an Tighearna, ó a bhalla inghine Shion, filedís déara síos amhuil srúth a ló agus a noidhche: ná tabhair suáimhneas ar bith dhuit féin; ná coisgeadh rinn do ruisg.
19
Eírigh, goir ná comhairc san noidhche: a ttús na fáire doirt amach do chroidhe amhuil uisge a bhfiadhnuisi aighthe an TIGHEARNA: tóig súas do lámha chuigesion ar son bheatha do leanabh óg, noch anbhfainnighios docras a cceann gach aontsráide.
20
¶ Féuch, a THIGHEARNA, agus meas cía dá ndéarna tú so. A níosuid na mná a ttoradh, agus naóidhin a bhfad réise? an muirfighear an sagart agus an fáigh a sanctóir an TIGHEARNA?
21
Luighid na daóine óga agus seana air an ttalamh annsna sráidibh: do thuiteadar mo mhaighdiona agus mo dhaóine óga leis an ccloidheamh; do mharbh tú íad a ló thfeirge; do mharbh tú, agus níor choigil tú íad.
22
Do ghoir tú mar budh a ló féusta mo chritheagla timchioll fa ccuáirt, iondus nach deachaidh duine ar bith as agus nar mhair áon a ló feirge an TIGHEARNA: do dhíobháigh mo námhuid an drong do oil mé agus thug me súas.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5