bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Thessalonians 1
1 Thessalonians 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus, chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia an tAthair, agus san Tighearna Íosa Críost: Grása agus síothcháin daoibh.
2
Do‐bheirimíd buidheachas le Dia de shíor ’n‐bhur dtaobh‐na go léir, ’g‐bhur luadh ’n‐ár n‐urnaighthibh:
3
ag síor‐chuimhneamh ar bhur ngníomharthaibh creidimh, agus ar bhur saothar carthannachta, agus ar bhur ndóchas foidhneach as ár dTighearna Íosa Críost, i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar.
4
Is eol daoibh, a bhráithre, ionmhain le Dia, go bhfuil sibh toghtha:
5
óir ní i mbriathraibh béil amháin tháinig ár soiscéal chugaibh, acht i gcumhacht, chómh maith, agus san Spiorad Naomh, agus i lán‐dearbhthacht; mar is eol daoibh cionnas do bhíomar libh mar mhaithe libh féin, agus sinn ’n‐bhur measc.
6
Agus do rinneabhar aithris orainne agus ar an Tighearna, ó ghlacabhar an briathar i ndóghrainn mhóir, le h‐áthas an Spioraid Naoimh;
7
ionnas go rabhabhar ’n‐bhur n‐eisiompláir do lucht an chreidimh san Maiceadóin agus i nAcháia.
8
Óir is uaibh‐se do leath briathar an Tighearna go glórach, ní h‐é amháin san Maiceadóin agus i nAcháia, acht is amhlaidh do leathnuigh clú bhur gcreidimh i nDia i ngach áit; ar mhodh nach gábhadh dhúinne labhairt ’n‐a thaobh.
9
Óir do‐bheir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaobh, cionnas mar chuadhamar isteach chugaibh; agus cionnas mar thionntuigheabhar ó íodhalaibh chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia beo, fíor,
10
agus chum bheith ag feitheamh le teacht a Mhic ó neamh, an té do thóg sé ó na marbhaibh, Íosa fhuasclas ó’n díbheirg atá le teacht sinn.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5