bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
1 Thessalonians 2
1 Thessalonians 2
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Óir is eol daoibh féin, a bhráithre, nár chuairt gan éifeacht ár dteacht isteach chugaibh:
2
acht tar á éis dúinn fulang roimhe sin, agus masla náireach d’fhágháil i bhFilipí, mar tá a fhios agaibh, gur éirigheamar dána ’n‐ár nDia chum soiscéal Dé do sheanmórú dhaoibh i lár toirmisc mhóir.
3
Óir ní ó mhearbhall, ná ó neamh‐ghlaine, ná ó cheilg thig ár spreagadh;
4
acht, fá mar mheas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is amhlaidh labhraimíd d’á réir sin; ní mar bhéimís d’iarraidh daoine do shásamh, acht Dia go‐ghní teastas ar ár gcroidheachaibh.
5
Óir, mar is eol daoibh féin é, níor bhaineamar feidhm ariamh as foclaibh plámáis, ná ní raibh sainnt fá chlóca againn, is é Dia ár bhfiadhnaidhe air;
6
ná ní rabhamar ag lorg urrama ó dhaoinibh, ná uaibh‐se, ná ó dhaoinibh eile, bíodh gurbh fhéidir linn bheith go h‐ughdarásach, mar abstail Chríost.
7
Acht is amhlaidh do bhíomar caoin‐cheannsa ’n‐bhur measc, mar bhéadh buime ag oileamhain a clainne féin:
8
mar sin de, le méid an cheana do bhí againn oraibh, ba mhian linn, ní h‐é soiscéal Dé amháin do roinnt libh, acht ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurbh an‐ionmhain linn sibh‐se.
9
Óir is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an duadh fuaramar: ag obair d’oidhche agus de ló, chum nach mbéimís mar ualach ar aon duine agaibh, do sheanmóruigheamar soiscéal Dé dhaoibh.
10
Is fiadhnaidhthe sibh‐se, agus is fiadhnaidhe Dia, leis, ar a naomhthacht, agus ar a ionnraice, agus ar a neamh‐lochtaighe d’iomcharamar sinn féin ’n‐bhur dtaobh‐na chreideas:
11
mar tá a fhios agaibh go rabhamar le gach duine agaibh mar bhéadh athair le n‐a chlainn féin, ag tabhairt meanman agus meisnigh dhaoibh,
12
agus g’á impidhe oraibh siubhal mar d’oirfeadh dhaoibh i bhfiadhnaise Dé, do ghlaodh chum a ríoghachta agus chum a ghlóire féin sibh.
13
Ar an adhbhar sin do‐bheirimíd buidheachas gan stad do Dhia, de bhrigh, nuair ghlacabhar briathar teachtaireachta Dé uainn, gur ghlacabhar é, ní mar bhriathar daoine, acht (mar is é go fírinneach) mar bhriathar Dé oibrigheas ionnaibh‐se chreideas.
14
Óir do rinne sibh‐se, a bhráithre, aithris ar eaglaisibh Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó thárla gur fhulaing sibh na neithe céadna ó mhuinntir bhur dtíre féin d’fhulaing siad‐san ó na h‐Iúdachaibh:
15
do mharbhuigh an Tighearna Íosa agus na fáidhe, agus do ruaig amach sinne, agus nach dtaithneann le Dia, agus atá i n‐aghaidh an uile dhuine;
16
’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.
17
Acht, a bhráithre, ó thárla go rabhamar scartha libh le tamall, i bpearsain, acht ní i gcroidhe, ba mhóide ár dtnúthán go mór le n‐bhur ngnúis d’fheicsin.
18
D’á bhrigh sin ba mhian linn, liom‐sa Pól, go h‐áirithe, agus níorbh aon uair amháin é, teacht chugaibh; acht gur chuir Sátan cosc linn.
19
Óir créad é ár ndóchas, nó ár n‐áthas, nó coróin ár nglóire? Nach sibh‐se é i bhfiadhnaise ár dTighearna Íosa, ag teacht dó?
20
Go deimhin is sibh‐se ár nglóir agus ár mbród.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5