bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Ephesians 1
Ephesians 1
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, chum na naomh atá i nEiféis, agus chum lucht an chreidimh i nÍosa Críost:
2
grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.
3
Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, do bheannuigh le gach beannacht spioradálta sinn ins na h‐áiteannaibh neamhdha i gCríost:
4
fá mar thogh sé sinne ann roimh thosach an domhain, chum go mbéimís naomhtha, gan locht ’n‐a fhiadhnaise i ngrádh:
5
do réamh‐órduigh sé sinn chum bheith ’n‐ár macaibh uchta dhó féin tré Íosa Críost, do réir deagh‐rogha a thola,
6
chum clú glóire a ghrása, do bhronn sé go saor orainn san Té n‐a bhfuil a ghrádh:
7
’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh,
8
do réir saidhbhris a ghrása, do roinn sé go líonmhar orainn san uile eagna agus tuigsin,
9
tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin,
10
chum an uile nidh do chómhchruinniú i gCríost, nuair thiocfadh na h‐aimseara chum críche, idir a bhfuil ar neamh, agus a bhfuil ar talamh.
11
Do rinneadh oidhrí dhínne ann, ar mbeith dhúinn réamhórduighthe do réir rúin an té do‐ghní gach nidh do réir cómhairle a thola féin:
12
chum go mairfimís chum clú a ghlóire, sinne ba luaithe do chuir ár ndóchas i gCríost:
13
’n‐ar chuir sibhse, leis, tar a éis daoibh briathar na fírinne do chlos, soiscéal ár slánuighthe — an té ’n‐ar chreideabhar, agus gur cuireadh séala Spioraid Naoimh na geallamhna oraibh,
14
atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oidhreacht, chum sealbhachas Dé d’fhuascailt, chum clú a glóire.
15
Ar an adhbhar sin, ar gclos dom i dtaobh an chreidimh atá agaibh san Tighearna Íosa, agus i dtaobh bhur ngrádha do na naomhaibh go léir,
16
ní scuraim de bheith ag breith buidheachais ar bhur son, ag cuimhneamh oraibh im’ urnaighthibh;
17
chum go dtugaidh Dia ár dTighearna Íosa Críost, Athair na glóire, spiorad eagna agus taisbeánta dhaoibh i n‐eolas air:
18
chum go soillseochar súilí bhur gcroidhe, chum go mbéidh a fhios agaibh cad é an dóchas chum a ngoireann sé sinn, saidhbhreas glóire a oidhreachta ins na naomhaibh,
19
agus cad é móir‐mhéid a chumhachta ’n‐ár dtaobh‐na chreideas, do réir mar oibrigheas brigh mhór a chumais, d’oibrigh sé i gCríost,
20
nuair do thóg sé ó na marbhaibh é, agus do chuir sé ’n‐a shuidhe é ar a láimh dheis féin ins na h‐áiteannaibh neamhdha,
21
i bhfad os cionn gach tighearnais, agus ughdaráis agus cumhachta, agus os cionn gach ainme ainmnightear, ní h‐é amháin san tsaoghal so,
22
acht san tsaoghal atá le teacht: agus do chuir sé gach uile nidh fá n‐a chosaibh, agus thug sé dhó bheith mar cheann thar cách ar an eaglais,
23
gur ab í a chorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6