bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Ephesians 5
Ephesians 5
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
1
D’á bhrigh sin déanaidh‐se aithris ar Dhia, mar dhéanfadh a chlann ionmhain féin;
2
agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia.
3
Acht striapachas, agus gach saghas neamh‐ghlaine, nó sainnt, ná déantar oiread agus a n‐ainmniú ’n‐bhur measc, mar ba chóir do naomhaibh;
4
ná cainnt draostamhail, dith‐céillidhe, ná magamhlacht, neithe nach cuibhe: acht, ’n‐a ionad sin, bíodh breith buidheachais.
5
Óir bíodh a fhios agaibh go maith nach bhfuil oidhreacht ar bith i ríoghacht Chríost agus Dé ag striapach, ná ag duine neamh‐ghlan, ná ag duine sanntach, is é sin iodhal‐adhrathóir.
6
Ná mealladh aoinneach le baoth‐chainnt sibh: óir is de dheascaibh neithe d’á leithéidibh sin atá díbheirg Dé ag teacht ar chlainn na h‐easumhlachta.
7
Ná bidhidh‐se páirteach leo‐san,
8
mar sin; óir do bhíobhar ’n‐bhur ndorchacht tráth, acht atá sibh anois ’n‐bhur solas san Tighearna: siubhlaidh ar nós clainne an tsolais.
9
(Óir atá toradh an tsolais i ngach saghas maitheasa, agus fíréantachta, agus fírinne),
10
ag scrúdú a dtaithnigheann leis an Tighearna;
11
agus ná bíodh aon roinn agaibh le gnóthaibh neamh‐thairbheacha an dorchadais, acht ’n‐a ionad sin,
12
lochtuighidh iad: óir na neithe chleachtas siad os íseal, is náire é oiread agus trácht ortha.
13
Acht na neithe uile lochtuightear, bíonn siad soiléir nuair nochtar fá’n solas iad: óir gach nidh atá soiléir is de’n tsolas é:
14
uime sin adeirtear, Dúisigh, thusa atá id’ chodladh, Agus éirigh as lár na marbh, Agus soillseochaidh Críost ort.
15
D’á bhrigh sin bidhidh an‐aireach i dtaobh an tsaoghail chaitheas sibh, ní ar nós daoine dith‐céillidhe, acht ar nós daoine céillidhe;
16
ag baint tairbhe as an uain, óir is olc iad na laethe seo.
17
D’á bhrigh sin ná bidhidh dith‐céillidhe, acht tuigidh cad é deagh‐thoil an Tighearna.
18
Agus ná bidhidh ar meisce le fíon; ainmheasardhacht is eadh é sin, acht bidhidh lán de’n Spiorad;
19
ag labhairt le chéile i salmaibh, agus i n‐iomnaibh, agus i ndántaibh spioradálta, ag cantaireacht agus ag déanamh ceoil ’n‐bhur gcroidhe do’n Tighearna;
20
ag breith buidheachais de shíor as ucht an uile nidh le Dia Athair i n‐ainm an Tighearna Íosa Críost;
21
ag géilleadh d’á chéile i n‐eagla Chríost.
22
A mhná, bidhidh umhal d’bhur bhfearaibh féin, mar bhéadh sibh do’n Tighearna.
23
Óir is é an fear ceann na mná, fá mar is é Críost ceann na h‐eaglaise, agus is é féin slánuightheoir an chuirp.
24
Acht fá mar tá an eaglais umhal do Chríost, gur ab amhlaidh bhéas na mná umhal d’á bhfearaibh féin ins gach éinnidh mar an gcéadna.
25
A fheara, bíodh grádh agaibh d’bhur mnáibh, fá mar ghrádhuigh Críost an eaglais agus thug é féin suas ar a son;
26
chum go naomhóchadh sé í, g‐á glanadh leis an mbriathar fá thuinn an bhaistidh,
27
chum an eaglais do chur i n‐áirithe dhó féin mar eaglais ghlórmhar, gan smál, gan roc, gan éinnidh d’á shamhail: acht go mbéadh sí beannuighthe, gan locht.
28
Mar sin bá chóir do na fearaibh grádh do thabhairt d’á mnáibh féin mar thiubhraidís d’á gcorpaibh féin. An té do‐bheir grádh d’á mhnaoi,
29
is dó féin do‐bheir sé é óir ní thug aon duine fuath ariamh d’á fheoil féin, acht is amhlaidh bheathuigheas agus chothuigheas sé í, fá mar chothuigheas Críost an eaglais;
30
óir is baill d’á chorp sinne.
31
Is ar an adhbhar sin fhágfas fear a athair agus a mháthair, agus chlaoidhfeas sé le n‐a mhnaoi; agus béidh siad araon ’n‐a n‐aon fheoil amháin.
32
Rúindiamhair mhór is eadh í seo, acht is iad Críost agus an eaglais atáim do mhaoidheamh.
33
Gidheadh, tabhradh gach duine agaibh grádh d’á mhnaoi mar thugann sé dó féin é; agus féachadh an bhean chuige go dtiubhraidh sí urraim d’á fear.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6