bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Ephesians 3
Ephesians 3
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
Ar an adhbhar sin, mise Pól, príosúnach Íosa Críost ar bhur son‐sa,
2
Cineadhacha — má’s fíor go gcualabhar cionnas mar cuireadh de dhualgas orm grása Dé do dháileadh oraibh;
3
cionnas mar foillsigheadh an rúindiamhair tré thaisbeánadh dhom, mar scríobhas cheana go h‐aithghearr,
4
ó n‐a bhféadann sibh, g‐á léigheamh dhaoibh, m’eolas ar ruindiamhair Chríost do thuigsin;
5
nár foillsigheadh do chlannaibh daonna ins na h‐aoisibh eile, fá mar tá sé foillsighthe anois d’á naomh‐abstalaibh agus d’á naomh‐fháidhibh tríd an Spiorad:
6
is é sin go bhfuil na Cineadhacha ’n‐a gcómh‐oidhribh, agus ’n‐a gcómhpháirtidhthibh san ngeallamhain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnadh seirbhíseach díom‐sa dhe,
7
do réir bronntanais grása Dé tugadh dhom tré bhrigh a chumhachta.
8
Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;
9
agus a chur i dtuigsin cionnas mar dáileadh an rúindiamhair do bhí fá cheilt leis na ciantaibh i nDia do chruthuigh gach uile nidh;
10
chum go ndéanfaidhe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uachtaránaibh agus do na cumhachtaibh ins na h‐áiteannaibh neamhdha,
11
do réir a raibh ceaptha aige leis na ciantaibh i nÍosa Críost ár dTighearna:
12
tré n‐a bhfuil dánaidheacht agus slighe againn chum teacht chuige de bharr ár gcreidimh ann.
13
D’á bhrigh sin iarraim oraibh gan dul i laige mar gheall ar mo phiantaibh ar bhur son: is iad bhur nglóir iad.
14
Ar an adhbhar sin feacaim mo ghlúna roimh an Athair,
15
ó n‐a n‐ainmnightear gach cineadh d’á bhfuil ar neamh agus ar talamh,
16
chum go dtiubhraidh sé dhaoibh do réir saidhbhris a ghlóire, bheith neartuighthe go bríoghmhar tríd a Spiorad san anam istigh;
17
chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh,
18
go mbéidh ar chumas daoibh, i n‐éinfheacht leis na naomhaibh uile, a thuigsin cad é a leithead,
19
agus a fhaide, agus a dhoimhneacht, agus grádh Chríost, sháruigheas gach eolas, d’aithint, chum go líonfar le lán‐líonmhaireacht Dé sibh.
20
Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó i bhfad níos mó do dhéanamh ’ná thig linn a iarraidh nó a shamhlú, do réir na cumhachta atá ag oibriú ionainn,
21
dó san go raibh an ghlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoghal na saoghal. Amen.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6