bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Ephesians 6
Ephesians 6
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
1
A chlann ó, bidhidh umhal d’bhur n‐aithreachaibh agus d’bhur máithreachaibh san Tighearna: óir is é bhur ndualgas é.
2
Tabhair onóir dod’ athair agus dod’ mháthair (is í an chéad aithne go bhfuil geallamhain leis í),
3
chum go n‐éireochaidh go maith libh, agus go mairfidh sibh i bhfad ar talamh.
4
Agus, a aithreacha, ná brostuighidh bhur gclann: acht tógaidh do réir teagaisc agus deagh‐chómhairle an Tighearna iad.
5
A sheirbhíseacha, bidhidh umhal d’bhur máighistribh do réir na feola, le h‐eagla agus le criothnú, i simplidheacht bhur gcroidhe, mar dheanfadh sibh do Chríost é;
6
ní le súil‐sheirbhís, mar bhéadh sibh d’iarraidh daoine do shású, acht mar sheirbhísigh Chríost, ag déanamh tola Dé ó’n gcroidhe;
7
ag déanamh seirbhíse le deagh‐thoil, mar bhéadh sé do’n Tighearna, agus nach do dhaoinibh é:
8
agus a fhios agaibh, cibé nidh fóghanta do‐ghní gach aoinneach, go bhfaighidh sé cúiteamh arís ó’n Tighearna, má’s daor nó saor é.
9
Agus sibh‐se, a mháighistrí, déanaidh dhóibh‐sean mar an gcéadna, gan bheith ag bagairt ortha; agus a fhios agaibh go bhfuil a Máighistir‐sean agus bhur Máighistir‐se ar neamh, agus nach bhféachann sé do phearsain duine seachas a chéile.
10
I ndeireadh scéil, bidhidh tréan san Tighearna agus ’n‐a neart mór‐chumasach.
11
Cuiridh umaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go mbéidh ar chumas daoibh seasamh i n‐aghaidh mealltachta an diabhail.
12
Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, acht leis na flaitheasaibh, leis na cumhachtaibh, le tioránachaibh árd‐réime an domhain dorcha so, le sluaighte deamhnaidhe an uilc ins na réigiúnaibh uachtarachta.
13
Uime sin glacaidh chugaibh arm agus éideadh Dé go h‐iomlán, chum go bhféadfaidh sibh an fód do sheasamh san droch‐lá, agus, tar a éis daoibh gach uile nidh do dhéanamh, fanamhain ag seasamh.
14
Seasaidh d’á bhrigh sin, agus an fhírinne mar chrios timcheall bhur gcuim, lúireach na fíréantachta oraibh,
15
agus an réidhteach do‐bheir soiscéal na síothchána mar bhróga ar bhur gcosaibh;
16
thar gach rud eile glacaidh sciath an chreidimh le n‐a bhféadfaidh sibh gathanna loiscneacha uile an ainspioraid do mhúchadh.
17
Agus glacaidh clogad an tslánuighthe, agus claidheamh an Spioraid, is é sin briathar Dé:
18
ag síor‐ghuidhe le gach saghas urnaighthe agus athchuinghe san Spiorad, ag faire chuige sin le gach dúthracht agus eadarghuidhe ar son na naomh uile,
19
agus ar mo shon‐sa, chum go dtiubharfar cumas cainnte dhom, ag foscailt mo bhéil go dána dhom, chum rúindiamhair an tsoiscéil d’fhoillsiú,
20
go bhfuilim im’ thaidhleoir fá chuibhreachaibh ar a shon: chum go labharfad ’n‐a thaobh gan scáth, mar ba cheart dom labhairt.
21
Acht chum go mbéidh fios mo ghnóthaí agaibh, cionnas mar tá an saoghal agam, innseochaidh Tichicus, bráthair ionmhain agus seirbhíseach dílis san Tighearna, innseochaidh seisean gach uile nidh dhaoibh.
22
Chuige sin is eadh do chuireas chugaibh é, chum go mbéidh eolas ’n‐ár dtaobh agaibh, agus chum sólás croidhe do thabhairt daoibh.
23
Síothcháin do na bráithribh, agus grádh le creideamh
24
ó Dhia an t‐Athair agus ó’n Tighearna Íosa Críost. Go raibh grása aca‐san go léir go bhfuil grádh gan smál aca do’n Tighearna Íosá Críost.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
All chapters:
1
2
3
4
5
6