bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
/
Ephesians 4
Ephesians 4
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Uime sin, impidhim‐se, príosúnach ar son an Tighearna, impidhim oraibh bhur saoghal do riaradh mar ba chóir do dhaoinibh fuair an ghairm fuarabhair‐se, le gach umhlacht agus ceannsacht,
2
le foidhne, ag géilleadh d’á chéile i ngrádh:
3
ag déanamh bhur ndíchill chum aondacht an Spioraid do choimheád i gcuing na síothchána.
4
Ní fhuil ann acht an t‐aon chorp amháin, agus an t‐aon Spiorad amháin, fá mar glaodhadh sibh chum aon dóchais amháin bhaineas le n‐bhur ngairm;
5
aon Tighearna amháin, aon chreideamh amháin, aon bhaisteadh amháin,
6
aon Dia amháin, Athair an uile dhuine, é os cionn an uile, agus tríd an uile, agus i measc an uile.
7
Acht tugadh grása do gach duine againn do réir miosúir bronntanais Chríost.
8
Uime sin is eadh adeir sé, Do chuaidh sé suas i n‐áirde, rug sé braighdeánas ’n‐a bhraighdeán, Agus thug sé bronntanais do na daoinibh.
9
(Anois, Do chuaidh sé suas, créad is ciall leis, munab é go ndeachaidh sé síos ar dtús i réigiúnaibh íochtaracha na talmhan?
10
An té do chuaidh síos, is eisean, leis, do chuaidh suas i n‐áirde i bhfad os cionn na bhflaitheas, chum go líonfadh sé gach uile nidh).
11
Agus thug sé daoine áirithe chum bheith ’n‐a n‐abstalaibh; cuid chum bheith ’n‐a bhfáidhibh; cuid chum bheith ’n‐a soiscéalaidhthibh; agus cuid chum bheith ’n‐a n‐aodharaibh agus ’n‐a dteagascthóiribh;
12
chum na naoimh d’fhoirbhiú, le h‐aghaidh gnó na miniostrálachta, chum corp Chríost do chóimh‐ghreamú le chéile:
13
nó go dtagaimís uile chum aondachta an chreidimh agus chum lán‐eolais ar Mhac Dé, chum staide duine lán‐fhásta,
14
chum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas nach mbéidmíd feasta ’n‐ár leanbhaibh, d’ár luascadh siar, aniar, d’ár scuabadh chum siubhail ag gach gaoith teagaisc, ag cleasaidheacht lucht ceilge, ag a gclisteacht chum mealltóireachta:
15
acht ag labhairt na fírinne i ngrádh, go bhfásaimís san uile nidh chum aondachta san té is prímh‐cheann, is é sin Críost.
16
Uaidh‐sean is eadh do‐gheibh an corp uile, ar mbeith dhó cóimh‐dheangailte, cómh‐dhlúthuighthe le chéile de bhárr a dtugann gach alt dó, do réir éifeachta gach baill ar leith, do‐gheibh sé fás chum a leasa i ngrádh.
17
Is é adeirim d’á bhrigh sin, agus fhógraim daoibh san Tighearna, gan siubhal feasta ar nós na gCineadhach,
18
do réir baoise a n‐inntinne féin: a n‐aigne fá dhorchadas aca, iad dealuighthe ó’n mbeathaidh do‐bheir Dia, de chionn an ainbhfeasa atá ionnta, de chionn cruadhais a gcroidhe;
19
ar mbeith dhóibh gan mothú, thugadar iad féin do dhroch‐nósaibh, chum gach neamh‐ghlaine do chleachtadh le sainnt.
20
Acht ní mar sin d’fhoghlaim sibh‐se Críost;
21
má’s fíor go gcualabhar é, agus go bhfuarabhar teagasc ann, do réir mar tá an fhírinne i nÍosa.
22
Maidir le n‐bhur saoghal roimhe seo, cuiridh dhíbh an seanduine atá d’á thruailliú ag ainmhiantaibh na ceilge,
23
agus bidhidh d’bhur n‐athnuadhadh i spiorad bhur n‐aigne:
24
agus cuiridh umaibh an nua‐dhuine atá cruthuighthe do réir Dé i bhfíréantacht agus i bhfíor‐naomhthacht.
25
Uime sin, ag diúltadh do’n bhréagaireacht, labhradh gach duine agaibh an fhírinne le n‐a chómharsain: óir is baill d’á chéile sinn;
26
Má bhíonn fearg oraibh, ná déanaidh peacadh; ná maireadh bhur bhfearg go luighe gréine;
27
agus ná tabhraidh slighe do’n diabhal. An té do rinne goid,
28
ná déanadh sé goid ’n‐a dhiaidh seo: acht ’n‐a ionad sin déanadh sé saothar, ag déanamh oibre fóghanta le n‐a lámhaibh, ar mhodh go mbéidh rud aige le tabhairt do’n té atá ’n‐a easbaidh.
29
Ná leigidh d’aon droch‐chainnt teacht as bhur mbéal, acht cainnt fhóghanta rachas chum tairbhe, do réir mar bhéas gábhadh léi, chum go dtiubhraidh sí grása do’n lucht éisteachta.
30
Agus ná cuiridh doilghíos ar Spiorad Naomh Dé, ó n‐ar cuireadh séala oraibh chum lae an fhuascailte.
31
Curtar uaibh gach seirbhe, agus aingidheacht, agus fearg, agus caismirt, agus ithiomrádh, agus an uile shaghas droch‐rúin:
32
agus bidhidh muinnteardha le chéile, deagh‐chroidheach, ag maitheamh d’á chéile, fá mar tá maithte ag Dia i gCríost daoibh‐se.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6