bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 John 1
1 John 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Is é a bhí ann ó thús, chualamar é, chonaic ár suite é, dʼfhéachamar air agus mhothaigh ár lámha é, an méid a bhain le briathar na beatha—
2
nochtadh an bheatha, agus chonaiceamar í, agus tugaimid fianaise uirthi, agus bímid ag foilsiú daoibhse an bheatha shíoraí a bhí maraon leis an Athair agus a nochtadh dúinne—
3
tá an méid a chonaiceamar agus a chualamar á fhoilsiú againn daoibhse, ionas go mbeidh cumann agaibh linne; agus is leis an Athair agus leis an Mac Íosa Críost atá ár gcumann.
4
Agus táimid á scríobh seo ionas go mbeidh ár lúcháir lán.
5
Is í seo an teachtaireacht a chualamar uaidh agus atá á fhoilsiú againn daoibh, gur solas é Dia gan dorchadas ar bith ann.
6
Má bhímid á rá go bhfuil cumann againn leis agus sinn ag siúl sa dorchadas, ní fírinne ach bréag a bhíos á dhéanamh againn;
7
ach má shiúlaimid sa solas, mar a bhíonn seisean sa solas, bíonn cumann lena chéile againn, agus fuil Íosa a Mhac dár nglanadh ó gach peaca.
8
Má deirimid nach bhfuil peaca orainn, bímid dár mealladh féin agus níl an fhírinne ionainn.
9
Má admhaímid ár bpeaca, is dílis agus is ceart é, agus maithfidh sé ár bpeacaí dúinn agus glanfaidh sé sinn ó gach aon éagóir.
10
Má deirimid nach bhfuil peaca déanta againn, tugaimid an t-éitheach dó, agus níl a bhriatharsan ionainn.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5