bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 John 4
1 John 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
A dhaoine na páirte, ná creidigí do gach uile sprid ach cuirigí féachaint ar na spridí lena fheiceáil an ó Dhia dóibh; mar is iomaí fáidh bréige a chuaigh amach faoin saol.
2
Is air seo a aithneoidh sibh Spiorad Dé: gach sprid dá n-admhaíonn gur tháinig Íosa Críost i gcorp collaí is ó Dhia é,
3
agus gach sprid nach n-admhaíonn Íosa ní ó Dhia é. Is í sin an sprid sin an ainchríosta, ar chuala sibh go raibh sé ag teacht, agus atá anois cheana féin ar an saol.
4
A pháisti mo chroí, is ó Dhia sibh, agus tá an bua agaibh orthu; óir is láidre an té atá ionaibh ná an té atá sa saol.
5
Is den saol iad, agus dá bhri sin is den saol í a gcaint, agus dá bhri sin éisteann an saol leo.
6
Is ó Dhia sinne. An té arb eol dó Dia éisteann sé linn, agus an té nach ó Dhia é ní éisteann sé linn. Is ar an gcomhartha sin a aithnímid sprid na fírinne agus sprid na hearráide.
7
A dhaoine grámhara, bíodh grá againn dá chéile; óir is ó Dhia an grá, agus an té a ghráíos is é Dia a Athair agus is aithnid dó Dia.
8
An té nach ngráíonn níl aithne aige ar Dhia; óir is grá é Dia.
9
Is mar seo a foilsíodh grá Dé inár measc, gur chuir Dia a AonMhac isteach sa saol, ionas go mairfimis trídsean.
10
Is é is grá ann, ní hé gur ghrámama Dia, ach gur ghráigh Dia sinn agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar leorghníomh inár bpeacaí.
11
A dhaoine grámhara, má ghráigh Dia mar seo sinn, ba chóir dúinn a chéile a ghráú.
12
Ní fhaca súil duine Dia riamh: má bhíonn grá againn dá chéile, bionn Dia ina chónaí eadrainn agus bionn a ghrá á chomhalladh ionainn.
13
Is air seo a aithnímid go bhfuilimid inár gcónaí ann agus é ionainn, ó bhronn sé roinnt dá Spiorad féin orainn.
14
Agus chonaiceamar é, agus táimid inár bhfínnéithe air, gur chuir an tAthair a Mhac uaidh go slánódh sé an domhan.
15
Cibé duine a admhaíos gurb é Mac Dé é Íosa, cónaíonn Dia ann agus cónaíonn sé i nDia.
16
Is mar sin a aithnímid agus a chreidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia, agus an té a chónaíos i ngrá cónaíonn sé i nDia, agus cónaíonn Dia ann.
17
Is ann a iomlánaítear ár ngrá, ionas nárbh eagal dúinn i lá an bhreithiúnais, ó bímid ar an saol seo mar atá seisean.
18
Níl aon eagla sa ghrá, ó díbríonn an grá iomlán an eagla, ós den phionós an eagla, agus ó nach mbíonn an té a mbíonn an eagla air iomlán i ngrá.
19
Bíonn grá againne dó, ó bhí tús grá aige dúinn.
20
Má bhíonn duine ar bith á rá “Tá grá agam do Dhia”, agus fuath aige dá bhráthair, níl ann ach bréagaire; mar an té nach mbíonn grá aige don bhráthair a chonaic sé, ní fhéadann sé grá a thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.
21
Agus tá an aithne seo againn uaidh, don té a mbíonn grá aige do Dhia, grá a bheith aige dá bhráthair freisin.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5