bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 John 5
1 John 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Gach duine dá gcreideann gurb é Íosa an Críost, is de chlann Dé é, agus níl duine a mbíonn grá aige don Athair nach mbíonn grá aige dá chlann.
2
Is air seo a aithnímid go mbíonn grá againn do chlann Dé, nuair a bhíonn grá againn do Dhia agus nuair a bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn.
3
Óir is é is grá do Dhia ann a aitheanta a bheith á gcoinneáil againn. Agus ní haon tromualach iad a aitheanta.
4
Mar an ní a gineadh ó Dhia bíonn bua aige ar an saol; agus is é a bhíos ag breith bua ar an a saol, an creideamh a bhíos againn.
5
Cé a bheireas bua ar an saol ach an té a chreideas gurb é Mac Dé é Íosa?
6
Is é seo an té a tháinig le huisce agus le fuil, Íosa Críost, ní leis an uisce amháin, ach leis an uisce agus leis an bhfuil.
7
Agus tá an Spiorad ina fhinné air, ós é an Spiorad an fhírinne.
8
Tá na trí fhinné ann, an Spiorad, an t-uisce, agus an fhuil; agus tá na trí ní ag cur le chéile.
9
Má ghlacaimid le fianaise daoine, is mó í fianaise Dé ná í; óir is í seo fianaise Dé gur thug sé fianaise ar a Mhac.
10
An té a chreideas i Mac Dé tá an fhianaise aige ann féin istigh. An té nach gcreideann i nDia, tá an t-éitheach tugtha aige dó, ó nár chreid sé an fhianaise atá tugtha ar an Mac ag Dia.
11
Agus is í seo an fhianaise, go bhfuil an bheatha shíoraí tugtha dúinn ag Dia, agus go bhfuil an bheatha seo ina Mhac.
12
An té a bhfuil an Mac aige tá an bheatha aige; an té nach bhfuil Mac Dé aige níl beatha aige.
13
Tá seo scríofa agam chugaibhse a chreideas in ainm Mhac Dé, ionas go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh.
14
Agus bíonn sé seo de mhuinín againn as, go n-éisteann sé linn cibé a iarraimid air de réir a thola.
15
Agus má tá a fhios againn go n-éisteann sé linn i gcibé rud a iarraimid, tá a fhios againn go bhfuil ár n-iarratais air faighte cheana.
16
Má fheiceann aon duine a bhráthair ag déanamh peaca nach marfach, iarrfaidh sé, agus tabharfaidh Dia dó an bheatha don dream sin nár mharfach a bpeaca. Tá an peaca ann atá marfach, níl mé ag rá gur choir guí ar a shonsan.
17
Níl aon éagóir ann nach bhfuil ina peaca, ach tá peaca ann nach bhfuil marfach.
18
Tá a fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia peaca, ach go mbíonn an Té a gineadh ó Dhia á chosaint, agus nach mbaineann an ainsprid dó.
19
Tá fhios againn gur ó Dhia sinne, agus go bhfuil an domhan uile faoi chosa na hainspride.
20
Agus tá a fhios againn go bhfuil Mac Dé tagtha, agus go bhfuil tuiscint tugtha aige dúinn, leis an té atá fírinneach a aithint; agus táimid istigh sa té atá fíor, ina Mhac Íosa Críost. Is é sin is fíorDhia agus an bheatha shíoraí ann.
21
A pháistí mo chroí, seachnaígí na híola.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5