bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 John 2
1 John 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
A leanaí, táim á scríobh seo chugaibh do bhur gcosc ó pheaca; ach má dhéanann duine peaca, bíonn ár gcosantóir againn os comhair an Athar, Íosa fíréanta Críost,
2
agus is é féin an leorghníomh inár bpeacaí, agus ní hamháin inár gcuid peacaí féin ach i bpeacaí an domhain uile.
3
Agus is air seo a aithneoimid go bhfuil aithne againn air, má bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn.
4
An té a deir “Tá aithne agam air” agus nach gcoinníonn a aitheanta, is bréagaire é, agus níl an fhírinne ann,
5
ach an té a chomhallas a bhriathar, is ann a thagas grá Dé chun foirfeachta. Is air sin a aithneoimid go bhfuilimid istigh ann:
6
an té a deir go gcónaíonn sé ann, caithfidh sé siúl mar a shiúil seisean.
7
A lucht na páirte, ní aon aithne nua atá scríofa agam daoibh, ach seanaithne a bhí agaibh ó thús; is í an tsean-aithne an briathar a chuala sibh.
8
Ach táim ag scríobh aithne úmua daoibh, a fhíoraítear ann agus ionaibhse, ó tá an dorchadas thart agus an fíorsholas ag dealrú cheana féin.
9
An té a deir go bhfuil sé sa solas agus a mbíonn fuath aige dá bhráthair tá sé sa dorchadas fós.
10
An té a mbíonn grá aige dá bhráthair fanann sé sa solas, agus níl aon ábhar tuislithe ansin.
11
Ach an té a mbíonn fuath aige dá bhráthair tá sé sa dorchadas ag siúl sa dorchadas, gan fios a bhealaigh aige, ó dhall an dorchadas a shúile.
12
Táim ag scríobh chugaibh, a leanaí, ó maitear daoibh bhur bpeacaí ar a shon.
13
Táim ag scríobh chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té a bhí ann ó thús. Táim ag scríobh chugaibh, a óigfheara, ós sibh a fuair bua ar an ainsprid. Scríobh mé chugaibh, a pháistí, ós aithnid daoibh an tAthair.
14
Scríobh mé chugaibh, a aithreacha, ós aithnid daoibh an té atá ann ó thús. Scríobh mé chugaibh, a óigfheara, ós láidir sibh, agus ó cónaíonn briathar Dé ionaibh, agus ó fuair sibh bua ar an ainsprid.
15
Nárab ansa libh an saol ná a bhfuil ar an saol. Má thugann duine grá don saol, níl ann grá a thabhairt don Athair.
16
Mar an méid is den saol seo, ainmhian na colainne aige, ainmhian na súl agus uabhar na beatha, ní dea Athair é ach den saol.
17
Agus téann an saol agus a ainmhian as; ach an té a dhéanas toil Dé, fanann sé go deo.
18
A pháistí, is í an uair dheireanach í, de réir mar a chuala sibh go bhfuil an t-ainchríost ag teacht, tá mórán ainchríostanna ann anois; agus aithnímid air sin gurb í an uair dheireanach í.
19
Dʼimigh siad uainn, ó nár dínne iad; dá mba dínne iad, dʼfhanaidís linn; ach is amhlaidh a dʼimigh siad, ionas go mba shoiléir nach dínn iad uile.
20
Ach ungadh sibh ón Spiorad Naomh, agus tá an t-eolas agaibh uile.
21
Níor scríobh mé chugaibh as siocair gan eolas na fírinne a bheith agaibh, ach as siocair gurb eol daoibh sin agus gurb eol daoibh nach den fhírinne í bréag ar bith.
22
Cé is bréagaire ann go dtí an té a shéanas gurb é Íosa an Críost? Is é seo an t-ainchríost, an té a shéanas an tAthair agus an Mac.
23
Níl duine dá séanann an Mac a bhfuil an tAthair aige. An té a admhaíos an Mac bíonn an tAthair aige freisin.
24
Fanadh ar chuala sibh ó thús ionaibh. Má fhanann ar chuala sibh ó thús ionaibh, fanfaidh sibhse sa Mhac agus san Athair.
25
Agus is é seo an gealltanas a gheall sé dúinn, an bheatha shíoraí.
26
Tá an méid sin scríofa agam chugaibh i dtaobh an dreama atá ag iarraidh cluain a chur oraibh;
27
ach is é rud, fanann lorg na hola, ar ung sé sibh léi, oraibh, agus níl feidhm oraibh le haon duine a bheith do bhur dteagasc; ó tugann ola an ungtha sin teagasc daoibh i dtaobh gach uile ní, agus ós fíor agus nach bréag é, fanaigí dílis don mhéid a theagasc sé daoibh.
28
Agus anois, a pháistí, fanaigí dílis, ar modh, nuair a nochtfas sé, go mbeidh muinín againn agus nach mbeidh náire orainn roimhe ag teacht dó.
29
Má aithníonn sibh gur fíréanta é, aithneoidh sibh gur saolaíodh uaidh gach aon duine dá ndéanann an choir.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5