bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 John 3
1 John 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Féachaigí cad é an grá a thug an tAthair dúinn, go ngairfí clann Dé dínn; agus is amhlaidh atá. Cad chuige nach bhfuil aithne ag an saol orainn, ach nach raibh aithne aige air.
2
A lucht na páirte, is clann Dé sinn cheana; ní fheictear go fóill go soiléir cad é a bheas ann; ach tá a fhios againn an méid seo, go mbeimid cosúil leis nuair a nochtfas sé, mar feicfimid é mar atá sé.
3
Agus níl duine dá bhfuil an dóchas sin aige nach mbíonn á naomhghlanadh féin ar chosúlacht a naomhghlainesean.
4
Gach duine dá ndéanann peaca, bíonn an dlí mar nach mbeadh sé ann aige; óir is aindlí an peaca.
5
Tá a fhios agaibh gur nocht sé leis na peacaí a chur ar ceal, agus nach bhfuil peaca ann.
6
Ní bhíonn aon duine dá gcónaíonn ann ag déanamh peaca; an té a bhíos ag déanamh peaca ní fhaca sé é agus níor chuir sé aithne air.
7
A pháistí mo chroí, ná cuireadh duine ar bith dallamullóg oraibh. An té a bhíos ag déanamh na córa is cóir é mar is cóir é siúd.
8
An té a bhíos ag déanamh an pheaca is den diabhal é; mar tá an diabhal ina pheacach ó thus. Is é an chúis ar nocht Mac Dé, go scriosfadh sé oibreacha an diabhail.
9
Ní bhíonn aon duine dár gineadh ó Dhia ag déanamh peaca; mar fanann nádúr Dé ann, agus ní féidir leis peaca a dhéanamh ó gineadh ó Dhia é.
10
Is air sin is féidir a aithint cé hiad clann Dé, agus cé hiad clann an diabhail: an té nach mbíonn an ceart á dhéanamh aige, ní ó Dhia é, agus an té nach mbíonn grá aige dá bhráthair.
11
Mar is é sin an fógra a chuala sibh ó thus, grá a bheith againn dá chéile,
12
agus gan bheith mar Cháin a bhí ón ainsprid agus a dhúnmharaigh a dheartháir. Agus cad chuige dó a dhúnmharú? As siocair a ghníomhartha féin a bheith olc, agus gníomhartha a dhearthár a bheith fíréanta.
13
Nárab ionadh libh é, a bhráithre, fuath a bheith ag an saol daoibh.
14
Tá a fhios againn go bhfuil an bás scoite againn agus an bheatha sroichte againn, ó ghrá a bheith againn do na bráithre. An té nach mbíonn grá aige fanann sé sa bhás.
15
Gach duine ar fuath leis a bhráthair is dún-mharfóir é, agus tá a fhios agaibh nach bhfanann an bheatha shíoraí i seilbh aon dúnmharfóra.
16
Is air seo a aithnímid cad is grá ann, gur thug seisean a anam uaidh ar ár son; agus is amhlaidh ba choir dúinn ár n-anamacha féin a thabhairt ar son na mbráithre.
17
Ach an duine a bhfuil ollmhaitheas an tsaoil seo aige agus a fheiceas a bhráthair i riachtanas, agus a dhúnann a chroí roimhe, conas a fhanfadh grá Dé sa duine sin?
18
A pháistí mo chroí, ná bíodh grá briathair ná grá teanga againn, ach grá gníomhach fírinneach.
19
Is air seo a aithneoimid gur den fhírinne sinn agus a athdheimhneoimid ár gcroíthe roimhe
20
nuair a bhíonn ár gcroíthe dár ndaoradh; óir is mó é Dia ná ár gcroíthe, agus fios gach uile ní aige.
21
A lucht na páirte, más rud é nach mbíonn ár gcroíthe dár ndaoradh, bíonn muinín againn roimh Dhia;
22
agus gheobhaimid uaidh a n-iarraimid air, as siocair go mbímid ag coinneáil a aitheanta agus ag déanamh gach ní is fearr a thaitníos leis.
23
Agus is í seo a aithne, go gcreidimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go mbeadh grá againn dá chéile mar a dʼordaigh sé dúinn.
24
Agus cónaíonn lucht coinnithe a aitheanta ann, agus é iontu. Agus is air seo a aithnímid go bhfuil sé ina chónaí ionainn, ar an Spiorad atá bronnta aige orainn.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5