bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Peter 1
1 Peter 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Peadar, aspal Íosa Críost, Ag beannú do dheoraithe na díbeartha ar fud Phontas, Ghalátia, Chappadócia, na hÁise, agus Bhitinia,
2
a toghadh de réir réamheolas Dé an tAthair, agus a naomhaíodh leis an Spiorad le bheith umhal dʼÍosa Críost agus lena fhuil a bheith á doirteadh orthu: Méadú grásta agus síochána daoibh.
3
Go mba bheannaithe Dia, Athair ár dTiarna Íosa Críost! Is dá mhórthrócaire a athghineadh sinne chun dóchais bhithbheo trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh,
4
chun oidhreachta síorbhuaine gan smál gan feo, atá á taisceadh ar neamh daoibhse,
5
atá ar choimirce chumhachtaí Dé tríd an gcreideamh le haghaidh slánaithe atá réidh ullamh lena nochtadh i ndeireadh aimsire.
6
Is cúis lúcháire agaibh é sin, siúd is go bhfuil oraibh cruatain éagsúla a fhulaingt ar feadh tréimhse bige,
7
ionas go bhféachfar firinneacht bhur gcreidimh, is luachmhaire go mór ná an t-ór so-chaite a fhéachtar sa tine, rud a bheas mar mhéadú glóire agus molta agus onóra sa lá a thaispeánfar Íosa Críost.
8
Bíonn grá agaibh dó cé nár amharc sibh air; agus creideann sibh ann, cé nach bhfeiceann sibh fós é, le hardáthas do-aithriste.
9
Gheobhaidh sibh slánú bhur n-anamacha mar thoradh ar bhur gcreideamh.
10
Na fáithe a dhéanadh tairngreacht i dtaobh an ghrásta a bhí i ndán daoibh, bhíodh an slánú sin á shiortú agus á scrúdú acu;
11
le fios a fháil cá huair a thiocfadh an té sin, a raibh an Spiorad sin Chríost a bhí iontu ag insint faoi, agus é ag tabhairt réamhfhianaise ar phianpháis Chríost agus ar an nglóir a thiocfadh ina dhiaidh.
12
Agus nochtadh dóibh nach dóibh féin ach daoibhse a dʼíhón siad, sna nithe sin a bhí á n-insint daoibh ag an dream a thug an soiscéal chugaibh tríd an Naomh-Spiorad a cuireadh síos ó neamh, na nithe sin ar mhian leis na haingil amharc a fháil orthu.
13
Bíodh mar sin bhur gciall á cóiriú agus á crioslú agaibh, bígí go stuama staidéartha, agus iomlán muiníne agaibh as an ngrásta atá le teacht chugaibh nuair a thaispeánfar Íosa Críost.
14
Ós clann sibh a bhfuil comhairle oraibh, ná leanaigí do na hainmhianta a bhíodh oraibh in am bhur n-ainbheasa,
15
ach bígí niamhghlan naofa in bhur n-iompar de réir naofacht an té a ghlaoigh oraibh;
16
ó scríobhadh, “Beidh sibhse naofa, ó tá mise naofa.”
17
Agus má bhíonn achainíocha athar agaibh ar an té a thugas breith chothrom ar gach duine de réir a ghníomhartha, iompraígí sibh féin go hurramach omósach ar feadh tréimhse bhur ndeor-aíochta.
18
Tá a fhios agaibh nach le nithe so-chaite, mar airgead agus ór, a fuasclaíodh sibh ó na bealaí baotha a tháinig anuas chugaibh ó bhur n-aithreacha,
19
ach is le fuil mhórluachmhar Chríost an t-uan gan smál gan ainimh.
20
Bhí sin i ndán dó roimh bhunadh an domhain, ach gur nochtadh é i ndeireadh aimsire mar mhaithe libhse.
21
Is trídsean a bhíonn muinín agaibh as Dia, a thóg ó mhairbh é agus a thug glóir dó, ionas go bhfuil creideamh i nDia agaibh agus dóchas agaibh as.
22
Naomhaígí bhur gcroíthe trí bheith umhal don fhírinne chun bráithriúlachta gan chealg, agus bíodh dianghrá ó chroí agaibh dá chéile.
23
Athghineadh sibh, ní ó shíol sothruaillithe ach ó shíol dothruaillithe, is é sin trí bhriathar buan bithbheo Dé;
24
mar “Is ionann feoil agus féar agus níl a maise uile ach mar bhláth an fhéir. Feonn an féar, agus titeann an bláth ar lár,
25
ach fanann briathar an Tiama buan go brách.” Is é an briathar úd an soiscéal a chuala sibh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5