bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Peter 4
1 Peter 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Ós rud é gur fhulaing Críost sa cholainn, go mba é sin an mana saighdiúra a bheas agaibh, ó tá an té a dʼfhulaing sa cholainn tar éis cur suas don pheaca,
2
agus rún aige gan an chuid eile dá shaol a chaitheamh de réir antoil an duine ach de réir thoil Dé.
3
Go mba leor linn an t-am a chuaigh thart leis na nithe sin is toil leis na Gintlithe a chleachtadh ag dul le drabhlás, le drúis, le meisce, le pléaráca, le pótaireacht, agus le híoladhradh míchóir.
4
Is iontach leo nach dtéann sibh i bpáirt leo san ainrialtacht sin, agus bíonn siad ag clamhsán oraibh;
5
ach tabharfaidh siad cuntas ann os comhair an té sin atá le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh.
6
Is é sin an chúis ar cuireadh an soiscéal roimh na mairbh iad féin, ionas go mairfidís mar Dhia sa spiorad, siúd is gur tugadh breith orthu sa cholainn mar dhaoine.
7
NÍ fada go mbeidh deireadh lena bhfuil ann; bígí stuama staidéartha mar sin le haghaidh bhur n-umaithe.
8
Thar gach rud eile bíodh dianghrá dúthrachtach agaibh dá chéile, ó cheileann an grá mórán peacaí.
9
Bígí fáilteach flaithiúil dá chéile gan doicheall.
10
Baineadh gach duine agaibh feidhm as an mbua a bronnadh air le leas a chéile, mar dhea-riarthóirí grásta ilghnéithigh Dé;
11
an té a labhraíos, mar a labhródh béal Dé; an té a dhéanas seirbhís, déanadh sé í leis an gcumhacht a sholáthraíos Dia dó; ar modh go dtugtar glóir do Dhia trí Íosa Críost i ngach aon ní. Is leis atá an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol. Áiméan.
12
A phobail na páirte, nárb iontach libh an triail thin-treach atá ag teacht oraibh do bhur bhféachaint, ionann is dá mba ainchleachta agaibh é.
13
Ach bíodh lúcháir oraibh trí bheith páirteach í bpáis Chríost ar modh go mbeidh áthas agus lúcháir oraibh nuair a nochtfar a ghlóir.
14
Má thugtar aithis daoibh mar mhaithe le hainm Chríost, is beannaithe sibh, ó cónaíonn spiorad Dia na glóire oraibh.
15
Ach ná cuirtear pionós ar aon duine agaibh mar dhún-mharfóir, ná mar ghadaí, ná mar choirpeach, ná mar chlampróir;
16
ach más mar Chríostaí a bhíonn pionós le fulaingt aige, ná bíodh aon náire air, ach é ag méadú ghlóir Dé agus an t-ainm sin air.
17
Mar tá sé in am ag an mbreithiúnas tosú ag teaghlach Dé; agus má thosaíonn sé linne, cad é an deireadh a bheas ar an dream atá easumhal do shoiscéal Dé?
18
Agus “Más ar éigean a shlánófar an fíréan, cad é an chuma a bheas ar an éagráifeach agus ar an bpeacach?”
19
Mar sin an dream atá ag fulaingt de réir thoil Dé déanaidís mar is cóir agus cuiridís a n-anamacha ar choimirce Chruthaitheora iontaofa.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5