bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Peter 5
1 Peter 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Seo focal gríosaithe do na cruifreacha eadraibh uaimse atá i mo chruifir freisin agus i mʼfhinné ar ar fhulaing Críost agus a bhfuil páirt agam sa ghlóir atá le nochtadh.
2
Tugaigí aire do thréad Dé atá mar chúram oraibh, de dheoin agus ní dʼainneoin, go toilteanach agus ní go saint-each salach,
3
gan an tréad a chur faoi bhur gcosa, ach ag tabhairt dea-eiseamláir dóibh.
4
Agus nuair a nochtfar an tArdaoire gheobhaidh sibh buanchoróin a ghlóire.
5
Mar an gcéanna géilleadh an sóisear don sinsear. Cuirigí uile oraibh uirísleacht dá chéile, mar “Bíonn Dia in éadan lucht an díomais, ach bronnann sé grásta ar lucht na huirísleachta.”
6
Umhlaígí sibh féin mar sin faoi láimh chumhachtach Dé, ionas go n-ardal sé i dtráth sibh.
7
Cuirigí bhur n-imní uile air, mar bíonn aird aige oraibh.
8
Bígí céillí coimeádach. Bíonn an diabhal atá mar áibhirseoir agaibh ar a chamchuairt mar leon craosach, ag cuardach duine éigin lena alpadh.
9
Seasaigí amach ina éadan, go daingean in bhur gcreideamh, ós feasach daoibh go mbíonn ar bhur mbráithre ar fud an domhain na pianta céanna sin a fhulaingt.
10
Agus nuair a bhíonn seal beag pianmhar curtha díbh agaibh, déanfaidh Dia na ngrást uile, a ghlaoigh sibh chun a ghlóire síoraí i gCríost, bhur dtógáil ar bhur mboinn agus neartóidh sé libh.
11
Go raibh an réim aige go saol na saol. Áiméan.
12
Is le láimh Shilbhánus, a bhfuil meas bráthar dhílis agam air, a scríobhadh an litir ghairid seo chugaibh, do bhur ngríosú agus ag foilsiú ghrásta fhírinneach Dé; seasaigí sibhse leis.
13
Beannaíonn sise atá i mBabalóin, atá tofa freisin, daoibh, agus beannaíonn mo mhacsa Marcas daoibh.
14
Beannaígí dá chéile le póg ghrámhar. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5