bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Peter 2
1 Peter 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Cuirigí uaibh mar sin gach uile chineál mailíse agus mídhílseachta agus fimíneachta agus formaid agus focal cúlchainte.
2
Bígí mar naíonna nuabheirthe, bíodh tart oraibh faoi bhainne cíche glan spioradálta, a chuireas fás ionaibh chun slánaithe;
3
ó fuair sibh bias ar chneastacht an Tiama.
4
Tagaigí chuici, an bheochloch úd, ar dhiúltaigh na daoine di, ach atá ina seoid luachmhar thofa i súile Dé;
5
agus bígí féin mar bheochlocha a bhfuil teach spioradálta á thógáil leo, le bheith in bhur naomhbhuíon shagart, a ofráilfeas íobairtí spioradálta taitneamhacha do Dhia trí Íosa Críost.
6
Mar a léitear sa scrioptúr: “Féach, táim á cur síos i Sión, an chloch chinn chúinne thofa mhórluachmhar, agus an té a chreidfeas inti ní náireófar é.”
7
Is luachmhar mar sin é agaibhse a bhfuil creideamh agaibh, ach maidir le lucht an díchreidimh, “An chloch sin ar dhiúltaigh na saoir di rinneadh cloch chinn an chúinne di,”
8
agus “Cloch a bhainfeas tuisle as daoine, carraig a leagfas go lár iad;” ó baintear tuisle astu nuair a bhíonn siad easumhal don bhriathar, de réir mar a bhí i ndán dóibh.
9
Ach is cine tofa, is sagartacht ríoga, is náisiún naofa sibhse, pobal Dé, le bheith ag foilsiú dhea-thréithre an té a ghlaoigh as dorchadas chun a sholais iontaigh féin sibh.
10
Bhí am ann nár phobal sibh, ach is pobal Dé sibh anois; bhí am ann nach ndearnadh trócaire oraibh, ach rinneadh trócaire oraibh anois.
11
A dhaoine is ansa liom, impím oraibh mar dheoraithe agus mar dhíbeartaigh staonadh ó ainmhianta na colainne a chuireas cath ar an anam.
12
Cuirigí dea-eagar ar bhur mbeatha i mease na nGintlithe, sa chaoi má bhíonn sibh do bhur gcáineadh acu mar lucht míghníomhartha, go bhfeice siad bhur ndea-ghníomhartha agus go dtuga siad glóir do Dhia sa lá a leagfaidh sé a lámh orainn.
13
Géilligí ar son an Tiarna do gach uile bhun-nós daonna, más dʼardcheannas an impire é,
14
nó do na gobharnóiri atá curtha uaidh aige le bheith ag cur pionóis ar lucht na míghníomhartha agus le moladh a thabhairt do lucht na ndea-ghníomhartha.
15
Mar is é is toil le Dia go ndéanfadh sibh dea-ghníomhartha le tost a chur ar na hamadáin aineolacha.
16
Bíodh saoirse agaibh, ach saoirse faoi chuing Dé nach bhfuil ina leithscéal chun peacaí.
17
Onóraígí gach uile dhuine, gráígí an bráithreachas. Tugaigí urraim do Dhia, agus onóir don impire.
18
A sheirbhísigh, tugaigí umhlaíocht urraime do cheann urra an tí, ní hamháin do dhea-chinn urra cneasta ach do dhaoine ar deacair roinnt leo.
19
Mar is maith an mhaise é don té sin a ghlacas go foighneach le pianta a chuirtear air go héagórach ar ghrá Dé.
20
Cad é an clú daoibhse é má ghlacann sibh le buillí as míghníomhartha? Ach má tá an mhaith déanta agaibh agus má ghlacann sibh go foighneach leis an bpionós a chuirtear oraibh, bíonn Dia sásta libh ansin.
21
Mar is chuige sin a glaodh sibh, ó dʼfhulaing Críost féin ar bhur son, agus ó dʼfhág sé eiseamláir agaibh conas a leanfadh sibh a lorg;
22
eisean nach ndearna peaca; níor chan a bhéal aon chluanaireacht.
23
Nuair a tugadh achasán dó níor thug sé achasán uaidh; nuair a dʼfhulaing sé, níor bhagair sé; ach á chur féin i muinín bhreitheamh na córa.
24
Ba é a dʼíoc as ár bpeacaí lena chorp féin ar an gcrann, ar chaoi nach mbeimis ann níos mó don pheaca ach sinne a bheith beo don fhíréantacht. Ba iad a chneácha a leigheas sibh.
25
Bhí sibh mar chaoirigh sheachráin, ach gur fhill sibh chuig aoire agus easpag bhur n-anamacha.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5