bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Peter 3
1 Peter 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Agus maidir libhse, a mhná pósta, umhlaígí mar an gcéanna do bhur bhfir chéile. Tá cuid acu easumhal don bhriathar. Ach féadfar breith orthu gan bhriathar ach múineadh a bheith ar a mbanchéilí,
2
nuair a fheiceann siad go mbíonn modh agus urraim oraibh.
3
Ná bígí do bhur maisiú féin ar an taobh amuigh, ag fí bhur ngruaige, nó do bhur ngléasadh féin le hór, nó ag cur éide oraibh féin,
4
ach maisígí an duine úd atá i bhfolach in bhur gcroíthe istigh le haigne chiúin chneasta, an chloch bhua bhuan is luachmhaire i súile Dé.
5
Na mná naofa a mbíodh dóchas as Dia acu fadó ba mar sin a mhaisídís iad féin ag umhlú dá bhfir chéile,
6
mar a dʼumhlaigh Sára dʼAbracham, agus mar a ghlaodh sí a tiarna air. Agus bíonn sibhse in bhur gclann iníonacha aici má dhéanann sibh an mhaith gan ligean dʼaon ní cladhairí a dhéanamh díbh.
7
Agus maidir libhse, a fhir chéile, bígí tuisceanach ag dul in aontíos le bhur mbanchéilí, ag tabhairt na honóra is dual don chineál lag banda, ó tá sibh in bhur gcomhoidhrí ar ghrásta na beatha, ionas nach gcuirfear toirmeasc ar bhur n-urnaithe.
8
Faoi dheireadh, bígí uile ar aon intinn, go báúil, bráithriúil, bogchroíoch, uiríseal.
9
Ná tugaigí olc inaghaidh oilc ná achasán in aghaidh achasáin; ach a athrach ar fad de bheannachtaí, ó fuair sibh cuireadh le beannacht a fháil mar oidhreacht.
10
Mar “An té a bhfuil toil aige do ghrá a bheith aige don bheatha agus dea-laethanta a fheiceáil, coinníodh sé a theanga ón olc agus a bhéal ó labhairt urchóide;
11
tugadh sé cúl don olc agus déanadh sé an mhaith; iarradh sé an tsíocháin agus leanadh sé di.
12
Mar bíonn súile an Tiarna ar na fíréin, agus bíonn cluas air lena n-achainí. Ach bíonn gnúis an Tiarna i gcoinne lucht déanta an oilc.”
13
Ach cé sin a dhéanfas dochar daoibh má tá dúthracht ionaibh don dea-rud?
14
Agus más rud é go mbíonn oraibh pianta a fhulaingt ar son na fíréantachta, is beannaithe a bheidh sibh dá bharr. Ná bíodh eagla oraibh rompu ná buairt,
15
ach tugaigí urraim bhur gcroíthe do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fhiafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh, ach é a thabhairt go cneasta critheaglach;
16
gan buairt choinsiasa, ionas go mbeidh náire ar lucht na cúlchainte a cháineas bhur ndea-iompar i gCríost.
17
Mar is fearr é pionós a fhulaingt, más toil le Dia é, ar son dea-ghnímh ná ar son drochghnimh.
18
Mar fuair Críost bás aon uair amháin ar son ár bpeacaí, agus dʼfhulaing an fíréan ar son na neamhfhíréan, ionas go dtabharfadh sé chun Dé sinn, agus é á chur chun báis i gcolainn, ach á bheoú sa spiorad;
19
ina ndeachaigh sé agus ina ndearna sé seanmóireacht do na hanamacha i bpríosún,
20
bhí easumhal roimhe sin nuair a bhí foighne fhada Dé ag fanacht leo, i laethanta Naoi, san am a raibh an áirc á tógáil, inar tarrthaíodh beagán, is é sin ochtar duine, tríd an uisce.
21
Is é an baiste atá ag freagairt di sin, a tharrthaíos sibhse anois, nach é glanadh salachar coirp é, ach éileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, trí aiséirí Íosa Críost,
22
atá i ndiaidh dul chun na bhflaitheas agus atá anois ar dheasláimh Dé, agus a bhfuil na haingil agus na húdaráis agus na cumhachtaí curtha faoina smacht.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5