bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Thessalonians 1
1 Thessalonians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Pól, Silbhánus agus Timótéus, ag beannú dʼeaglais na dTesalóineach atá i nDia an tAthair agus sa Tiama Íosa Críost: Go raibh grásta agus síocháin agaibh.
2
Bímid de shíor ag tabhairt buíochais do Dhia ar son an iomláin agaibh, agus do bhur lua go minic inár bpaidreacha,
3
agus ag cur i gcuimhne i láthair Dé ár nAthair go bhfuil sibh ag cur le bhur gcreideamh le gníomhartha grá, agus dóchas daingean agaibh as ár dTiarna Íosa Críost.
4
Mar tá a fhios againn, a bhráithre a bhfuil grá ag Dia daoibh, go bhfuil sibh tofa aige;
5
ó nach i mbriathar amháin a tháinig an soiscéal is againne chugaibh, ach i mórchumhacht agus sa Naomh-Spiorad agus iomlán éifeachta aige. Agus tá a fhios agaibhse cad é an chaoi a chuireamar orainn féin ar bhur son in bhur measc.
6
Agus thosaigh sibh ar dhéanamh aithrise orainne agus ar an Tiama, mar ghlac sibh le briathar Dé faoi chruóg mhór, leis an áthas a chuir an Spiorad Naomh ionaibh;
7
ionas go raibh sibh in bhur ndea-shampla dá bhfuil de chreidmhigh sa Mhacadóin agus in Acáia.
8
Mar ní hé amháin gur fógraíodh briathar Dé os ard uaibh sa Mhacadóin agus in Acáia, ach níl aon áit nach bhfuair scéala faoi bhur gcreideamh i nDia, ionas nach bhfuil feidhm orainn aon fhocal a rá.
9
Mar tugann siad féin tuairisc fúinn faoin bhfáilte a fuaireamar uaibh, agus conas a dʼiompaigh sibh ó íola, le seirbhís a dhéanamh don fhíor-Dhia beo,
10
agus le bheith ag fuireach lena Mhac a theacht anuas ó neamh, an tÍosa sin a thóg sé ó mhairbh a fhuas-claíos sinn ón bhfearg atá le teacht.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5