bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
1 Thessalonians 5
1 Thessalonians 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Ach maidir leis na hamanna agus na huaineacha, a bhráithre, níl feidhm oraibh aon ní a scríobh chugaibh.
2
Mar tá a dhea-fhios agaibh go dtiocfaidh lá an Tiarna orainn mar a thiocfas gadaí oíche.
3
Nuair a bheas na daoine á rá, “Nach socair agus suaimhneach é,” titfidh an scrios tobann orthu mar a thiocfas a haimsir ar an mbean thorrach, agus ní bheidh aon bhealach éalaithe acu.
4
Ach níl sibh sa dorchadas, a bhráithre, go dtiocfaidh an lá úd gan fhios mar ghadaí.
5
Mar is clann an tsolais agus clann an lae ghil sibh uile; ní den oíche ná den dorchacht sinne.
6
Mar sin ná codlaímis mar an chuid eile, ach bímis inár ndúiseacht gan mheisce.
7
Mar codlaíonn na codlatóirí san oíche, agus téann na pótairí ar meisce san oíche.
8
Ach ós den lá sinne, ná bíodh aon mheisce orainn ach lúireach an chreidimh agus an ghrá, agus dóchas an tslánaithe mar chlogad orainn.
9
Mar ní don fhearg a cheap Dia sinn, ach le slánú a fháil trínár dTiarna Íosa Críost,
10
a fuair bás ar ár son ionas go mairfimis leis is cuma cé acu a bhímid inár gcodladh nó inár ndúiseacht.
11
Mar sin cuirigí misneach ina chéile agus neartaígí lena chéile, mar atá á dhéanamh agaibh.
12
Ach impímid oraibh, a bhráithre, aitheantas a thabhairt dá n-oibríonn in bhur measc mar chinn chreidimh an Tiarna agus mar chomhairleoirí,
13
agus ardmheas agus grá as cuimse a bheith agaibh orthu mar gheall ar a n-obair siúd. Bígí síochánta le chéile.
14
Agus mar achainí oraibh, a bhráithre, gríosaígí na falsóirí, tugaigí croí do lucht an chroí mheata, cuidígí leis na laga, agus bígí foighneach leis an uile dhuine acu.
15
Tugaigí aird air nach dtugann aon duine agaibh olc in aghaidh an oilc, ach ag iarraidh leas a chéile agus an uile dhuine a dhéanamh.
16
Bígí lán de lúcháir i gcónaí,
17
ná stadaigí den umaí,
18
altaígí cibé a thiocfas oraibh; ós é sin a thoiligh Dia daoibh in Íosa Críost.
19
Ná múchaigí an Spiorad,
20
agus ná bígí beag beann ar fháidheadóireacht,
21
ach cuirigí féachaint ar gach uile ní; ag greamú dá bhfuil maith
22
agus ag fanacht amach ó gach cineál dá bhfuil olc.
23
Go naomhaí Dia na síochána féin go hiomlán sibh, agus go gcoinnítear sibh idir sprid agus anam agus chorp slán gan smál ag teacht ár dTiarna Íosa Críost.
24
Is iontaofa an té atá ag glaoch oraibh, agus déanfaidh sé sin.
25
A bhráithre, guígí ar ár son.
26
Beannaígí do na bráithre uile le naomhphóg.
27
Cuirim oraibh as ucht an Tiarna an litir seo a léamh do na bráithre uile go léir.
28
Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5