bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Galatians 1
Galatians 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Mise Pól atá im aspal—ach ní ó dhaoine ná trí dhaoine, ach trí Íosa Críost agus trí Dhia an tAthair, a thóg ó na mairbh é—
2
mise agus na bráithre uile atá liom. Ag beannú dʼEaglaisí Ghalátia:
3
Guímid grásta agus síocháin daoibh ó Dhia an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost
4
a thug é féin suas in éiric ár bpeacaí ionas go saorfadh sé sinn ón aois seo an oilc atá i láthair, do réir thoil ár nDé agus ár nAthar;
5
go raibh glóir dó ar feadh saol na saol. Áiméan.
6
Is iontach liom an deifir sin oraibh ag tabhairt chúl bhur gcinn don té a ghlaoigh sibh i ngrásta Chríost, agus ag tabhairt bhur n-aghaidhe ar shoiscéal eile—
7
cé nach ionann sin agus a rá go bhfuil soiscéal eile ann, ó nach bhfuil ann ach dream daoine atá ag tarraingt trioblóide oraibh agus iad ag iarraidh soiscéal Chríost a chur as a riocht.
8
Ach má chuirimidne, nó más rud é go gcuireann aingeal as na flaithis soiscéal atá bunoscionn leis an soiscéal a chuireamar os bhur gcomhair roimhe seo, bíodh sé faoi mhallacht.
9
An rud atá ráite agam cheana, deirim arís é, is cuma cé hé atá ag seanmóireacht aon soiscéil daoibh atá bunoscionn leis an soiscéal sin ar ghlac sibh leis, is duine é is cóir a mhallachtú.
10
Cé acu atá á iarraidh agam anois, gnaoi na ndaoine, nó gnaoi Dé? An ag iarraidh daoine a shásamh atá mé? Dá mbeinn go fóill le daoine a shásamh, ní bheinn i mo sheirbhíseach ag Íosa Críost.
11
Mar tugaim le fios daoibh, a bhráithre, nach soiscéal ón duine an soiscéal a bhíodh á sheanmóireacht agam.
12
Ní ó dhuine a fuair mé é, ná níor mhúin aon bhéal dom é, ba trí fhoilsiú a tháinig sé chugam ó Íosa Críost.
13
Mar chuala sibh iomrá ar mo shaol mar Ghiúdach roimhe seo ar an ngéarleanúint iomarcach a rinne mé ar eaglais Dé agus mé ar mo dhícheall lena scriosadh,
14
agus mar rug mé an barr liom sa Ghiúdachas gur beag de lucht mo chomhaoise i mease mo mhuintire féin a bhí inchurtha liom, ar mhéid mo dhúthrachta i dtaobh sean-nósanna mo shinsir.
15
Ach bhí an té sin ann a chuir i leataobh ina chomhair féin mé sular tháinig mé ar an saol, an té sin óna bhfuair mé glaoch na ngrást,
16
agus san am ar thoiligh sé a Mhac a thaispeáint dom, le bheith á sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, níor iarr mé comhairle san am úd ar fhuil ná ar fheoil,
17
ná ní dheachaigh mé suas go hlarúsailéim chuig an dream úd a bhí ina n-aspail romhamsa, ach thug mé an Araib orm féin; agus ansin dʼfhill mé ar an Damaisc arís.
18
Ansin, trí bliana ina dhiaidh sin chuaigh mé suas go hlarúsailéim le cuairt a thabhairt ar Chéfas, agus chaith mé coicís agus lá ina chuideachta.
19
Ach níor bhuail mé le haon aspal eile, amach ó Shéamas, deartháir an Tiarna.
20
(Níl aon bhréag sa mhéid a bhfuilim á scríobh chugaibh, chomh cinnte agus tá Dia i láthair!)
21
Dʼimigh mé liom as sin go dtí críocha na Síre agus Cilicia.
22
Agus ní raibh aithne súl orm ag eaglaisí Chríost i nlúdaea;
23
ní raibh acu ach an t-iomrá a chluinidís, i. “an té sin a dhéanadh an ghéarleanúint orainn tráth, bíonn sé anois ag seanmóireacht an chreidimh sin ar fhéach sé roimhe sin lena scriosadh.”
24
Agus thugadar glóir do Dhia i ngeall orm.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6