bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Galatians 3
Galatians 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
1
A Ghalátacha díchéillí! Cé a chuir draíocht oraibhse, ar nochtadh Íosa Críost chomh soiléir sin do bhur súile, agus é céasta?
2
Tá aon cheist amháin agam oraibh: cé acu le hoibreacha an dlí nó le héisteacht chreid-mheach a ghlac sibh an Spiorad?
3
An bhfuil sibh chomh gann sin i gcéill? Ba thosach spioradálta a rinne sibh, an gcríochnóidh sibh anois é go collaí?
4
An in aisce é ar ghabh sibh tríd an oiread sin?—más féidir gur in aisce é.
5
An té sin a bhronnas an Spiorad oraibh agus a oibríos míorúiltí in bhur mease, cé acu trí oibreacha an dlí ná trí éisteacht chreidmheach a dhéanann sé é sin?
6
Is amhlaidh dʼAbracham, “chreid sé Dia, agus bhí meas fíréin dá réir air.”
7
Feiceann sibh mar sin gurb iad fir an chreidimh a bhíos mar dhaoine clainne ag Abracham.
8
Agus rinne an Scrioptúr, arbh eol dó roimh ré go bhfíréanódh Dia na Gintlithe tríd an gcreideamh, an soiscéal a nochtadh roimh ré dʼAbracham, agus é á rá, “Is ionatsa a bheannófar na náisiúin uile.”
9
Dá bhrí sin, na fir a mbíonn an creideamh acu, beannaítear iad maraon le hAbracham, an fear a raibh an creideamh aige.
10
Mar an dream a mbíonn muinín acu as oibreacha an dlí is faoi mhallacht a bhíos siad; mar tá sé scríofa, “Is mallaithe gach duine nach leanann dá bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus nach gcuireann an t-iomlán de i ngníomh.”
11
Anois is soiléir nach bhfíréanaítear aon duine os comhair Dé tríd an dlí; mar “An té a bhíos ina fhíréan trí chreideamh, is é a mhairfeas beo”;
12
ach ní sheasann an dlí ar an gcreideamh, mar “An té a chuireas i ngníomh iad, mairfidh sé tríothu.”
13
Dʼíhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn, mar bhí mallacht déanta ag an dlí de féin mar mhaithe linne— mar tá sé scríofa, “Bíodh mallacht ar gach duine a chrochfar ar chrann,”
14
ionas go dtioefadh beannacht Abrachaim ar na Gintlithe de thairbhe Íosa Chríost, ionas go nglacfaimis tríd an gcreideamh an Spiorad atá geallta dúinn.
15
Luaim, a bhráithre, sampla as cúrsaí daonna: mura bhfuil ann ach uacht duine, nuair a dheimhnítear í, ní chuirtear léi ná ní chuirtear ar ceal í.
16
Anois is dʼAbracham agus dá shliocht a tugadh na gealltanais. Ní deir sé, “agus dá shleachta,” mar bheadh mórán sleachta ann; ní ainm-níonn sé ach an t-aon sliocht amháin, agus is é Críost an sliocht sin.
17
Is é sin atá á mhaíomh agam: nach féidir leis an dlí, a tháinig deich mbliana fichead agus ceithre chéad ina dhiaidh sin, an cúnant a bhí deimhnithe ag Dia roimh ré, a chur ar ceal, sa dóigh go gcuirfeadh sé an gealltanas ar neamhní.
18
Mar má ba tríd an dlí a tugadh an oidhreacht, ní tríd an ngealltanas a thagadh sí; ach is tríd an ngealltanas a bhronn Dia a ghrásta ar Abracham.
19
Cad chuige a bhfuil an dlí ann mar sin? Aguisín é a cuireadh ann as siocair na gcionta, go dtí go dtagadh an sliocht sin ar tugadh na gealltanais dó; agus ordaíodh trí aingil le láimh idirghabhálaí é.
20
Anois cuireann an t-idirghabhálaí i gcás níos mó ná aon duine amháin; ach níl ann ach aon Dia amháin.
21
An mbíonn an dlí mar sin ag cur in éadan ghealltanas Dé? Is cinnte nach mbíonn; mar dá mba rod é gur tugadh dlí a dʼfhéadfadh beatha a bhronnadh, is cinnte go dtiocfadh an fhíréantacht as an dlí.
22
Ach de réir an Scrioptúir tá gach uile rod i ngéibheann an pheaca, ionas go mbronnfaí an méid a gealladh de chreideamh in Íosa Críost ar an dream a mbíonn an creideamh acu.
23
Ach roimh theacht an chreidimh, bhíomar inár bpríosún-aigh faoin dlí, dár gcoinneáil faoi smacht go dtí go nochtaí an creideamh.
24
Mar sin de, bhí an dlí mar choimeádaí orainn go dtí teacht Chríost, ionas go bhfíréanaítí le creideamh sinn.
25
Ach anois go bhfuil an creideamh i ndiaidh teachta nílimid faoi choimeádaí níos mó;
26
mar sa Chríost, i níosa, is claim mhac Dé tríd an gcreideamh sibh uile.
27
Mar an méid agaibh a ghlac baiste in Ainm Íosa, tá Críost curtha umaibh agaibh.
28
Níl ann Giúdach ná Gréagach, daor ná saor, fear ná bean; níl ann ach an t-aon Íosa Críost amháin, ar de sibh.
29
Agus más le Críost sibh, is sibh Sliocht Abrachaim, atá in bhur n-oidhrí de réir an ghealltanais.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6