bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Galatians 6
Galatians 6
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
1
A Bhráithre, má bheirtear ar dhuine ar bith i gcoir ar bith, tógaigí an duine sin ar a bhoinn arís, an méid agaibh atá spioradálta, i sprid na cneastachta. Agus seachain thú féin ar eagla go gcuirfí cathú ort freisin.
2
Iompraígí tromualaí a chéile, ós amhlaidh a chomh-líonfaidh sibh dlí Chríost.
3
Mar an duine a dhéanas mór is fiú nuair nach fiú ach neamhní é, bíonn sé ag cur dalla-mullóige air féin.
4
Ach scrúdaíodh gach duine a shaothar féin, ionas go n-altaí sé leis féin é gan baint den chomharsa.
5
Mar caithfidh gach duine a ualach féin a iompar.
6
An té a múintear an briathar dó, roinneadh sé na maitheasaí uile le hoide a mhúinte.
7
Ná bíodh breall oraibh; ná síligí gur féidir magadh a dhéanamh faoi Dhia, ná a rá nach mbainfidh duine de réir mar a chaitheas sé síol.
8
Mar an té a chuireas a shíol mar mhaithe le sáile a cholainne bainfidh sé an lofacht a thagann ón gcolainn; ach an té a chuireas a shíol mar mhaithe leis an Spiorad, bainfidh sé an bheatha shíoraí a thagas ón Spiorad.
9
Agus ná cluintear cloíteacht orainn ag déanamh dea-ghníomhartha, mar bainfimid an fómhar in am agus i dtráth, mura gcaillimid ár misneach.
10
Mar sin de, beirimis ar an bhfaill leis an dea-rud a dhéanamh a théas chun sochar na ndaoine uile, go háirithe sochar lucht aontí an chreidimh.
11
Féachaigí na litreacha móra seo atá mé ag scríobh chugaibh anois, le mo láimh féin.
12
Is iad an dream a bhíos i bhfáth le dea-chuma chollaí a thaispeáint a bhíos ag iarraidh a thabhairt oraibh glacadh le timpeallghearradh, ach ní dhéanann siad amhlaidh ach le teacht saor iad féin ó ghéarleanúint ar son chrois Chríost.
13
Mar an dream sin a ghlacas le timpeallghearradh, ní bhíonn siad féin ag coimeád an dlí, ach is mian leo sibhse a thimpeallghearradh ionas go mbí ábhar maíte as bhur gcolainn acu.
14
Ach go mbʼfhada uaim aon ábhar maíte ar bith a bheith agam, amach ón gcrois sin ár dTiarna Íosa Chríost, ar ar céasadh an saol domsa, agus ar ar céasadh mise don saol.
15
Mar ní haon rud é an timpeallghearradh, ná ní haon rud é an neamh-thimpeallghearradh, ach is é an rud é nua-chruthú nádúr an duine.
16
Agus bíodh an tsíocháin agus an trócaire ag an dream a shiúlann de réir na rialacha seo, ag fíor-Iosrael Dé.
17
Ná bíodh aon duine feasta ag cur buartha orm; mar bím ag iompar cholm Íosa i gcraiceann mo choirp.
18
Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost agaibh in bhur Spiorad, a bhráithre liom. Áiméan.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
All chapters:
1
2
3
4
5
6