bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Galatians 4
Galatians 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Is é atá á rá agam, nach mbíonn an t-oidhre, chomh fada agus a bhíonn sé in aois an linbh, aon phioc níos fearr ná daor, cé gurb é sealbhóir na dúiche uile é;
2
ach is amhlaidh a bhíonn sé faoi chaomhnóirí agus faoi iontaobhaithe go dtí go dtaga an lá cairde atá ceaptha ag an Athair.
3
Bʼionann scéal dúinne; nuair a bhíomar inár leanaí, bhíomar i ndaoirse ag spridí bundúileacha na cruinne.
4
Ach in am agus i dtráth, chuir Dia a Mhac uaidh, á bhreith ó bhroinn mná, faoi chuing an dlí,
5
a cheannach an dreama a bhí faoi chuing an dlí, ionas go nglacfadh sé linn mar chlann mhac uchtaithe.
6
Agus ó tharla sibh in bhur mic aige, tá Spiorad a Mhic curtha inár gcroíthe ag Dia, a bhíos ag glaoch “Abba, a Athair!”
7
Mar sin ní bhíonn tú níos faide i do dhaor ag Dia, ach i do mhac, agus ós mac tú is oidhre tú.
8
Roimhe sin, nuair nárbh aithnid daoibh Dia, bhí sibh i ndaoirse acu siúd ba neamhdhéithe ó nádúr;
9
agus anois gurb aithnid daoibh Dia, nó lena rá go ceart, anois go bhfuil aithne ag Dia oraibh, conas a fhéadann sibh casadh ar bhur gcúl chuig lag-spridí dearóile bundúileacha, le fonn bheith in bhur ndaoir acu athuair?
10
Bíonn sibh ag coimeád laethanta, agus míonna agus séasúr agus blianta!
11
Is eagal liom go bhfuil an saothar a chuir mé orm libh gan éifeacht.
12
A bhráithre, táim á chur dʼimpí oraibh bheith mar atáim, ó tháinig dom bheith mar tá sibhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm.
13
Is feasach daoibh gur de thairbhe breoiteachta corportha a chuaigh mé chugaibh an chéad uair a sheanmóireacht an tsoiscéil daoibh;
14
agus cé gurbh fhulaingt daoibh é mé a bheith ar an gcaoi sin, níor lúide bhur meas orm, ach is amhlaidh a ghlac sibh liom mar a ghlacfadh sibh le haingeal Dé, nó leis an gCríost, le hÍosa é féin.
15
Cá bhfuil an tsástacht sin a bhí oraibh an uair úd? Mar mise i mbannaí daoibh, go bpiocfadh sibh na súile as bhur gcinn lena dtabhairt dom dá mbʼfhéidir é.
16
An bhfuil meas namhad agaibh orm, as siocair go mbím ag insint na fírinne daoibh?
17
Bíonn siad ag déanamh a mhór díbh, ach ní mar mhaithe libh; níl uathu ach sibh a dhealú uainne, ionas go ndéana sibh a mhór díobh.
18
Is maith an rud é i gcónaí a mhór a dhéanamh de dhuine má tá sé lena leas, agus ní hamháin nuair a bhímse in bhur gcuideachta.
19
Is sibh mo chlann bheag leanaí, agus tá mise mar a bheinn in aistear clainne uaibh athuair, go dtí go ndeilbhítear Críost ionaibh.
20
Ba mhaith liom bheith in bhur láthair anois, agus mo phort a athrú, mar táim mearaithe mar gheall oraibh.
21
A dhream úd ar mhian libh bheith faoi chuing an dlí, an éisteann sibh lena ndeir an dlí?
22
Mar tá sé scríofa go raibh dís mhac ag Abracham, duine acu ó chumhal agus duine acu ó bhean shaor.
23
Ní raibh breith mhac na cumhaile ach corportha, ach tharla breith mhac na mná saoire trí ghealltanas.
24
Tá fáithchiall leis seo: is iad an bheirt bhan an dá chúnant. Bean acu ó Shliabh Sínáí, a bheir clann don daoirse; is í Hagar í,
25
agus is ionann Hagar agus Sliabh Sínáí san Araib; agus freagraíonn sí don Iarúsailéim atá anois ann, atá i ndaoirse, í féin agus a clann.
26
Ach is saor í an Iarúsailéim thuas, agus is í ár máthair í.
27
Mar tá sé scríofa, “Bíodh áthas ort a bhean aimrid nach mbeireann; lig amach do racht agus tóg gáir, a bhean nach bhfuil in aistear clainne; mar is iomadúla iad clann na mná tréigthe ná clann na mná a bhfuil fear aid.”
28
Anois, a bhráithre, is clann ghealltanais sinn, dála Íosóg.
29
Ach san am úd dhéanadh an té a rugadh go corportha géarleanúint ar an té a rugadh de réir an Spioraid, agus bíonn an scéal céanna acu anois.
30
Ach cad é sin a deir an scrioptúr? “Cuir an tóir ar an gcumhal agus ar an mac sin aici; mar ní bheidh an oidhreacht ag mac na cumhaile in éineacht le mac na mná saoire.”
31
Is soiléir as sin, a bhráithre, nach sinn clann na cumhaile, ach gur sinn clann na mná saoire.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6