bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Galatians 2
Galatians 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
1
Ceithre bliana déag ina dhiaidh sin chuaigh mise agus Barnabas suas go hlarúsailéim, agus bhí Titus linn freisin.
2
Chuaigh mé suas de bharr foilsiú a fuair mé; agus nocht mé dóibh (ach os íseal dá ndaoine measúla) an soiscéal sin a bhíos dá sheanmóireacht agam i mease na nGintlithe, ar fhaitíos go mbeadh mo shaothar in aisce sa chúrsa a bhí rite nó a bhí le rith agam.
3
Ach níor cuireadh feidhm ar Thítus féin, a bhí i mo chuideachta, glacadh le timpeallghearradh, siúd is gur Ghréagach é.
4
Ach bhí sin i gceist de bharr bráithre bréige a tugadh isteach os íseal, a sciorr isteach gheall ar a bheith ag spiaireacht ar an tsaoirse sin a bhíos againn i níosa Críost, ionas go dteannfaidís cuing na daoirse orainn—
5
Ach níor ghéilleamar dóibh siúd seal aon nóiméid, dʼfhonn fírinne an tsoiscéil a choinneáil slán mar mhaithe libhse.
6
Agus maidir leis an dream úd a raibh meas éigin orthu (is cuma liomsa cad é an feabhas a bhí iontu; mar ní chlaonann Dia i leith aon duine)—tá sé le rá agam nár chuir na daoine measúla úd comaoin ar bith orm;
7
a athrach ar fad a tharla, mar nuair a dʼaithin siad gur liom a taobhaíodh an soiscéal don dream neamh-thimpeallghearrtha, ar an nós ceanann céanna ar taobhaíodh le Peadar an soiscéal don dream timpeallghearrtha
8
(mar an té a dʼoibrigh trí Pheadar san aspaltacht chun lucht an timpeallghearrtha, dʼoibrigh sé tríomsa freisin le haghaidh na nGintlithe),
9
agus nuair a dʼaithin an triúr a raibh meas crann seasta orthu, mar atá Séamas agus Céfas agus Eoin, an grásta a bronnadh ormsa, thug siad deaslámh an chairdis domsa agus do Bharnabas air, le sinne a dhul chuig na Gintlithe agus iadsan a dhul chuig an dream timpeallghearrtha;
10
ach gur chuir siad mar choinníoll leis go gcuimhneoimis ar na boicht, ní a raibh mé i bhfáth go mór lena dhéanamh.
11
Ach nuair a tháinig Céfas go hAntíoc sheas mé ina aghaidh suas lena bhéal, ó bʼfhollas é bheith san éagóir.
12
Mar sular tháinig daoine áirithe ó Shéamas, dʼitheadh sé i gcuideachta Gintlithe; ach nuair a tháinig siadsan dhruid sé siar agus dheighil é féin uathu, trí eagla a bhí air roimh lucht an timpeallghearrtha.
13
Bhí an fhimínteacht chéanna ar siúl ag an gcuid eile de na Giúdaigh agus chuaigh sé chomh fada gur ghéill Barnabas é féin dá bhfimínteacht siúd.
14
Ach nuair a chonaic mise a mí-ionracas siúd i dtaobh fhírinne an tsoiscéil, is é a dúirt mé le Céfas os comhair an iomláin acu, “Más ar nós Ghintlí, in áit ar nós Ghiúdaigh, a mhaireann tusa, siúd is gur Giúdach tú, cé mar fhéadann tú cur ar na Gintlithe aithris a dhéanamh ar na Giúdaigh?”
15
Is Giúdaigh ó bhreith agus ní Gintlithe peacúla sinn,
16
ach tá a dhea-fhios againn nach trí oibreacha an dlí ach trí chreideamh i níosa Críost a fhíréanaítear an duine agus bíonn muinín againn as Íosa Críost, mar dhúil is go bhfíréanófaí sinn as creideamh i gCríost, agus ní as oibreacha an dlí, mar ní fhíreánófar aon duine as oibreacha an dlí.
17
Ach dá bhfaightí sinne a bheith inár bpeacaigh agus sinne ag iarraidh bheith dár bhfíréanú féin i gCríost, arb oibrí don pheaca é Críost? Is cinnte nachea?
18
Achmá bhímse ag atógáil na nithe a réab mé anuas, bím ag taispeáint go bhfuil mé féin san éagóir.
19
Mar bhásaigh mé mé féin don dlí tríd an dlí, chun go mairfinn beo do Dhia.
20
Céasadh mé mar aon le Críost; ní mé a mhaireas beo feasta, ach Críost a mhaireas beo ionamsa; agus an bheatha a chaithimse, sa cholainn seo anois, caithim í trí mo chreideamh i Mac Dé, an té a thug grá dom, agus a thug a anam féin i ngeall ormsa.
21
Ní bhím ag cur grásta Dé ar ceal; mar más rud é go dtagann an fíréanú tríd an dlí, ansin tá Críost i ndiaidh bás a fháil in aisce.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6