bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
James 1
James 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Séamas, seirbhíseach ag Dia agus ag an Tiarna Íosa Críost, Chuig dhá threibh déag na deoraíochta: Beatha agus sláinte.
2
Ná bíodh sé ach ina chúis áthais agaibh, a bhráithre, nuair a thagann nithe éagsúla oraibh le bhur mbuaireamh,
3
mar tá a fhios agaibh, nuair a chuirtear bhur gcreideamh chun féachana, go dtagann foighne as.
4
Agus lig don fhoighne iomlán a cuid oibre a dhéanamh, ionas go mbeidh sibh do bhur gcur i gcrích leis, agus sibh iomlán gan easpa.
5
Má tá easpa eagna ar aon duine agaibh, iarradh sé ar Dhia í, a bhíos ag tabhairt uaidh go fial gan mhaíomh, agus tabharfar dó í.
6
Ach bíodh sé á hiarraidh i gcreideamh, gan aon amhras a bheith air, mar an té atá in amhras bíonn sé mar thonn san fharraige atá á tiomáint agus á tuairteáil ag an ngaoth.
7
Ná síleadh an duine seo go bhfaighidh an dúblálaí úd an dá intinn aon iarratas ón Tiarna.
9
Maíodh an bráthair uiríseal as a ardú,
10
agus an bráthair saibhir as a uirísliú, ós rud é go mbíonn sé ag imeacht as mar bhláth an mhachaire.
11
Éiríonn an ghrian agus feonn an féar le bruth a teasa; agus titeann a bhláth de agus cailleann a ghnúis a gnaoi. Is amhlaidh a chrionfaidh an fear saibhir ina shiúlta.
12
Is beannaithe an fear a fhulaingíos cruatan, mar nuair a sheasfaidh sé an triail gheobhaidh sé bláthfhleasc seo na beatha atá geallta ag Dia don dream a mbíonn grá acu dó.
13
Ná habhradh aon duine, nuair a chuirtear cathú air, “Tá Dia ag cur cathú orm”; ó nach féidir do dhrochní cathú a chur ar Dhia, agus ó nach gcuireann sé cathú ar dhuine ar bith;
14
ach bíonn cathú á chur ar gach duine nuair a bhíonn a ainmhian féin á mhealladh agus á bhréagadh.
15
Gabhann an ainmhian ansin agus gineann sí an peaca; agus nuair a thagas a íhás iomlán ar an bpeaca beireann sé an bás.
16
Ná bíodh aon bhreall oraibh, a bhráithre mʼansachta.
17
Is as neamh anuas gach dea-thabhartas agus gach tíolacadh is fearr, ag teacht ó Ardathair gach solais nach dtagann scáth ná claochlú air.
18
Is dá dheoin féin a rinne sé ár nginiúint trí bhriathar na fírinne le bheith inár sórt céadtorthaí dár chruthaigh sé.
19
Tuigigí seo, a bhráithre mʼansachta, go gcaithfidh gach duine bheith géar lena chluais, agus mall lena bhéal, agus mall i bhfeirg,
20
ó nach n-oibríonn fearg an duine fíréan-tacht Dé.
21
Dá bhrí sin cuirigí uaibh bréine agus borradh na coirpeachta agus gabhaigí go min ceansa leis an mbriathar a chuirtear ionaibh, a bhfuil sláinte bhur n-anamacha ag brath air.
22
Ach bígí in bhur lucht gníomhaithe an bhriathair agus ní in bhur lucht éiste amháin a chuireas dallamullóg orthu féin.
23
An duine nach ndéanann ach éisteacht leis an mbriathar gan a chur i ngníomh, bíonn seisean mar fhear a amharcas ar an ngnúis atá aige ó nádúr i scáthán;
24
mar bíonn sé á bhreathnú féin ag imeacht leis ansin ag déanamh dearmaid ar a raibh sé cosúil leis.
25
Ach an té a fhéachas ar dhlí iomlán na saoirse, agus a leanas de go buan, gan bheith ina éisteoir dearmadach ach ina ghníomhaí déantas-ach, beidh beannacht air ina mbíonn á dhéanamh aige.
26
Má mheasann aon duine go bhfuil sé cráifeach, agus gan srian aige lena theanga ach é á mhealladh féin ina chroí, is díomhaoin cráifeacht an duine úd.
27
Is í an chráifeacht ghlan gan smál os comhair Dé an tAthair é seo: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha ina gcruachás agus tú féin a choinneáil gan smál ón saol.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5