bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
James 3
James 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, a bhráithre liom, ó tá a fhios agaibh gur troimide a thabharfar breithiúnas orainne, na teagascóirí.
2
Is iomaí sin locht orainn uile, agus an té nach mbíonn lochtach ina bhriathra, is duine foirfe é a íhéadas srian a chur lena chorp uile.
3
Má chuirimid béalbhacha i mbéil capall lena ndéanamh umhal dúinn, is féidir linn a gcoirp uile a threorú.
4
Dearcaigí freisin ar na longa; dá mhéad is atá siad agus dá láidreacht iad na gaotha a thiomáineas iad, bítear á dtreorú le stiúir bheag bhídeach cibé slí is toil leis an bpiolóta a ndíríú.
5
Mar an gcéanna is beag an ball í an teanga agus is mór an maíomh a dhéanas sí. Nach gcuireann beagán tine mórchoill chrann ar scoite lasrach?
6
Agus is tine í an teanga; is í an domhan éagórach í i mease na mball a shalaíos an corp uile, agus a chuireas le tine a bhfuil faoi rothaí na gréine, agus í á fadú ó ifreann.
7
Mar níl aon chineál ainmhí ná éin ná péiste ná éisc nach féidir a cheansú agus nach bhfuil ceansaithe ag an duine,
8
ach i dtaca leis an teanga, níl sí incheansaithe ag duine ar bith—bíonn drochfhuadar fúithi, agus í lán de nimh mharfach, agus í ar obair gan sos gan suaimhneas.
9
Is léi a bheannaímid an Tiama agus an tAthair, agus is léi a mhallaímid na daoine, a cruthaíodh i gcosúlacht Dé.
10
Tagann na beannachtaí agus na mallachtaí as an aon bhéal amháin. Ach níl ceart ná ciall leis sin, a bhráithre.
11
An mbíonn aon tobar ag cur amach uisce mhilis agus uisce ghoirt as an aon bhéal amháin?
12
An féidir le crann fige ológa a thabhairt uaidh, nó an féidir le fíniúin figí a thabhairt uaithi? Ní mó is féidir le huisce goirt uisce milis a thabhairt uaidh.
13
Cé sin in bhur measc a bhfuil eagna agus tuiscint aige? Taispeánadh sé a oibreacha le dea-eagar beatha maille le heagnaíocht cheansa.
14
Ach má tá searbh-éad agus uaill-mhian in bhur gcroíthe, ná bígí ag maíomh as agus ag fealladh ar an bhfírinne.
15
Ní eagna a thagas anuas ó neamh í seo, ach gliceas saolta, collaí diabhalta.
16
An áit a mbíonn an t-éad agus an uaillmhian ann, bíonn mí-ord agus gach cineál míghnímh ann.
17
Ach bíonn an eagna a thagas anuas ó neamh naofa ar dtús, agus ansin bíonn sí síochánta, séimh, so-chomhairleach, lán de thrócaire agus de thorthaí maithe, agus gan drochamhras ná mídhílseacht inti.
18
Agus bíonn an fhíréantacht mar thoradh ar an síol a bhíos á chur go síochánta ag lucht iarrtha na síochána.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
Recommended Reading
Commentary
James Commentaries
→
Devotional
James Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua (Ó Cuinn)) Study Bible
→