bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
James 5
James 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Seo anois, a dhream úd an tsaibhris, bíodh uaill chaointe asaibh faoin anró atá le teacht oraibh.
2
Tá morgadh ar bhur maoin, agus bhur bhfallaingeacha ina mbia leamhan.
3
Tháinig meirg ar bhur gcuid óir agus airgid, agus beidh a meirgsean ina bhfianaise in bhur n-éadan agus bhur bhfeoil á creimeadh aici mar thine. Is sibh a chruinnigh stór le haghaidh na laethanta déanacha.
4
Seo tuarastal na n-oibrithe a rinne fómhar bhur bhfearann a choinnigh sibh siar uathu atá ag tógáil éimh in bhur n-éadan; agus tháinig éamh na mbuanaithe i gcluasa Thiarna na slua.
5
Bhíodh sibh faoi sháile agus faoi shuairceas ar an talamh; bhíodh sibh ag cothú bhur gcroíthe i lá an áir.
6
Dhaor sibh, agus dhúnmharaigh sibh an duine fíréanta; ní chuireann sé in bhur n-éadan.
7
Bíodh foighne oraibh mar sin, a bhráithre, go dtí teacht an Tiarna. Siúd é an feirmeoir ag fanacht le toradh thoice an talaimh, agus bíonn sé go foighneach faoi go bhfaighe sé an séasúr báistí is luaithe agus is moille.
8
Bíodh foighne agaibh freisin. Bíodh croí agaibh, ní fada uainn teacht an Tiarna.
9
Ná bígi ag clamhsán faoina chéile, a bhráithre, ar eagla breithiúnas a tharraingt oraibh féin; bʼshiúd é an breitheamh ina sheasamh ag an doras.
10
Mar dhea-shampla fadfhulaingthe agus foighne, glacaigí, a bhráithre, na fáithe a labhraíodh in ainm an Tiarna.
11
Féachaigí nach ndeirimid gur beannaithe iad lucht na foighne? Chuala sibh trácht ar fhadfhulaingt Ióib, agus chonaic sibh cad é mar chuir an Tiarna i gcrích é, mar is truachroíoch trócaireach é an Tiarna.
12
Ach thar rud ar bith eile, a bhráithre, seachnaígí na mionnaí móra, agus ná tugaigí neamh ná talamh ná mionn ar bith eile, ná bíodh de dhearbhú agaibh ach is ea ná de shéanadh agaibh ach ní hea, le leisce breith dhaortha a tharraingt oraibh féin.
13
An bhfuil aon duine agaibh ag fulaingt drochíde? Bíodh sé ag guí. An bhfuil aon duine go soilbhir? Gabhadh sé duan ag moladh Dé.
14
An bhfuil aon duine agaibh breoite? Cuireadh sé fios ar chruifreacha na heaglaise, agus guídís air, á ungadh le hola in ainm an Tiarna;
15
agus slánóidh urnaí an chreidimh an t-othar, agus ardóidh an Tiarna é; agus má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.
16
Mar sin admhaígí bhur bpeacaí dá chéile, agus guígí ar a chéile chun go slánófar sibh. Bíonn éifeacht mhórchumh-achtach ag guí an fhíréin.
17
Ba dhuine é Elía ab ionann nádúr dúinne agus dó, agus rinne sé urnaí dhúthrachtach gan fearthainn a bheith ann, agus ar feadh trí bliana agus sé mhí níor fearadh aon fhearthainn ar thalamh.
18
Ghuigh sé ansin arís agus dʼfhear na spéartha an fhearthainn, agus thug an talamh a thorthaí.
19
A bhráithre, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus má thugann duine éigin ar ais é,
20
bíodh a fhios seo aige, an té a thugas an peacach ar ais ó sheachrán slí, go saorfaidh sé a anam ó bhás agus go ndéanfaidh sé leorghníomh i mórán peacaí.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5