bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
James 4
James 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
1
Cá has a mbíonn cogaí, agus cathanna eadraibh? Nach as seo, as na hainmhianta atá ag amhthroid in bhur mbaill bheatha?
2
Bíonn mian oraibh gan sásamh agaibh; agus maraíonn sibh mar sin. Bíonn saint oraibh gan sásamh le fáil; agus cuireann sibh cathanna agus cogaí. Ní bhíonn agaibh ó nach n-iarrann sibh.
3
Iarrann sibh agus ní bhfaigheann sibh, ós go hole a iarrann sibh ní, le bhur n-ainmhian a shásamh.
4
Níl samhail oraibh ach banchéilí mídhílse! Nach bhfuil a dhea-fhios agaibh gurb ionann cairdeas an tsaoil agus eascairdeas do Dhia? Dá bhrí sin an té ar mhian leis bheith ina chara don saol, is namhaid do Dhia é.
5
Nó an síleann sibh gur in aisce a dúirt an scrioptúr, “Bíonn sé ag tnúth go héadmhar leis an sprid a chuir sé ina cónaí ionainn”?
6
Ach is móide a thugas sé grásta; dá bhrí sin dúradh, “Cuireann Dia in éadan lucht an uabhair, ach tugann sé grásta don dream uiríseal”.
7
Géilligí mar sin do Dhia. Cuirigí in aghaidh an diabhail agus teithfidh sé uaibh.
8
Dlúthaígí le Dia agus dlúthóidh sé libh. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroíthe, a dhaoine atá idir dhá intinn.
9
Bígí go dubhach dobrónach deorach. Go dtuga sibh bhur ngáire ar bhrón agus bhur ngairdeas ar ghruaim.
10
Bígí do bhur n-uirísliú féin i láthair an Tiarna agus ardóidh sé sibh.
11
Ná cáinigí a chéile, a bhráithre. An té a cháineas bráthair nó a dhaoras a bhráthair, cáineann sé an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní bhíonn tú ag cur an dlí i bhfeidhm ach ag tabhairt breithiúnais air.
12
Níl ann ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin, a fhéadas saoradh nó scriosadh. Ach cé tusa, go dtabharfá breithiúnas ar do chomharsa?
13
Seo anois, a ghiollaí úd a bhíos á rá, “Beidh a leithéid de bhaile tugtha againn orainn féin inniu nó amárach, agus caithfimid bliain ann ag díol agus ag ceannach earraí agus ag gnóthú airgid”;
14
agus sibh in ainbhios cad é a tharlós amárach. Cad í an bhrí í bhur mbeatha? Gan ionaibh ach ceo a thagas ar amharc seal tamaill agus a théas as an amharc.
15
Ba choir daoibh a rá ina ionad sin, “Más mar seo a ordóidh Dia, beimid beo, agus déanfaimid seo nó siúd”.
16
Ach mar atá an scéal, níl ann ach maíomh agus mórtas. Agus is dubh ar bhur n-anamacha maíomh ar bith den sórt.
17
Ach an té a thuigeas cad é is cóir a dhéanamh agus nach ndéanann é, tá peaca air.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
Recommended Reading
Commentary
James Commentaries
→
Devotional
James Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua (Ó Cuinn)) Study Bible
→