bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
James 2
James 2
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
A bhráithre liom, ná claonaigí le taobh ar bith má chloíonn sibh le creideamh Thiarna na glóire, ár dTiarna Íosa Críost.
2
Má thagann duine órfháinneach dea-éadaithe isteach i lúb cruinnithe dá bhfuil agaibh, agus má thagann duine bocht i gculaith smolchaite isteach freisin,
3
agus má thugann tú aghaidh ar fhear an éadaigh ghalánta agus má deir tú, “Suigh anseo le do thoil,” agus a rá leis an duine bocht, “Seas ansin,” nó, “Suigh anseo faoi mo chosa,”
4
nach bhfuil idirdhealú déanta agaibh idir daoine, agus nach bhfuil sibh in bhur mbreithiúna drochintinneacha?
5
Éistigí leis seo, a bhráithre mʼansachta. Nár thogh Dia bochtáin an tsaoil seo le bheith saibhir i gcreideamh agus le seilbh a fháil ar an ríocht atá geallta aige don dream a bhfuil grá acu dó?
6
Ach thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad na daoine saibhre a imríos ansmacht oraibh, agus nach iad a bhíos do bhur sracadh isteach i gcúirt?
7
Nach iad a thugas masla don ainm onórach sin a gaireadh díbhse?
8
Má tá an dlí ríoga de réir an scrioptúir, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíos agat duit féin,” á chomh-líonadh agaibh, tá maith déanta agaibh.
9
Ach má chlaonann sibh le taobh ar bith, tá peaca déanta agaibh, agus tá sibh ciontaithe ag an dlí mar choirpigh.
10
Mar cibé duine a choinníos iomlán an dlí agus a chliseann in aon phointe amháin, tá an t-iomlán sáraithe aige.
11
Mar an té a dúirt, “Ná déan adhaltranas”, dúirt sé, “Ná déan dúnmharú.” Má dhéanann tú dúnmharú gan adhaltranas a dhéanamh, tá an dlí sáraithe agat.
12
Bígí ag labhairt agus ag déanamh mar dhaoine a dtabharfar breithiúnas orthu de réir dhlí na saoirse.
13
Mar an té nach ndearna trócaire gheobhaidh sé breithiúnas gan trócaire; ach bíonn an trócaire ag maíomh an bhua ar an mbreithiúnas.
14
Cad é an tairbhe é, a bhráithre liom, duine a bheith á rá go bhfuil creideamh aige gan gníomhartha a bheith aige? An bhféadann a chreideamh a shlánú?
15
Má bhíonn bráthair nó siúr i ndíobháil éadaigh nó in easpa bia an lae sin,
16
agus duine agaibh á rá leis, “Slán agus beannacht agat, déan do ghoradh agus bíodh do shá agat le n-ithe,” gan na nithe a thabhairt dóibh a bhfuil riachtanas ar a gcorp leo, cad é an tairbhe é?
17
Mar an gcéanna is marbh an creideamh nach bhfuil aige ach é féin gan oibreacha a bheith aige.
18
Ach tá an duine ann a déarfas, “Tá creideamh agat agus tá oibreacha agam.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais dʼoibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit as mʼoibreacha.
19
Creideann tú nach bhfuil ann ach Dia amháin; is maith mar a dhéanann tú é. Bíonn creideamh go fiú ag na deamhain agus creathnú orthu.
20
An bhfuil cruthú uait, a chinn gan chiall, gur aimrid an creideamh a bhíos ann in éagmais na n-oibreacha?
21
Nár fíréanaíodh Abracham ár n-athair ó oibreacha, nuair a thoirbhir sé a mhac Íosóg ar an altóir?
22
Feiceann sibh gur chomhoibrigh an creideamh lena oibreacha,
23
agus gur comhlíonadh an scrioptúr a deir, “Chreid Abracham Dia, agus measadh ina fhíréantacht aige é”; agus glaodh cara Dé de.
24
Feiceann sibh go bhfíréanaítear fear as oibreacha agus ní as creideamh amháin.
25
Agus nach mar an gcéanna a fíréanaíodh Rahab an striapach mná ó oibreacha nuair a chuir sí fáilte roimh na teachtairí agus a chuir sí uaithi iad ar athrach slí?
26
Dá bhrí sin mar is marbh an corp in éagmais an anama, is amhlaidh is marbh an creideamh in éagmais na n-oibreacha.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
Recommended Reading
Commentary
James Commentaries
→
Devotional
James Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua (Ó Cuinn)) Study Bible
→