bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Mark 1
Mark 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
1
Tosach Shoiscéal Íosa Críost, Mac Dé.
2
De réir mar atá scríofa in Íseáia fáidh: “Féach, cuirim mo theachtaire romhat a ullmhóidh do bhóthar.
3
Glór duine ag éamh sa bhfhásach: ‘Réitígí bóthar an Tiarna, déanaigí díreach a chosáin.’”
4
Tháinig Eoin ag baisteadh sa bhfhásach agus ag fógairt baiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh.
5
Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.
6
Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.
7
Agus bhíodh sé ag seanmóir dá rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.
8
Bhaist mise le huisce sibh, ach baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh.”
9
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh san Iordáin ó Eoin.
10
Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce, chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air.
11
Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”
12
Go luath ina dhiaidh sin, chuir an Spiorad amach faoin bhfásach é
13
agus bhí sé daichead lá sa bhfhásach dá phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.
14
Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt shoiscéal Dé
15
agus ag rá: “Tá an tréimhse caite agus tá ríocht Dé in achomaireacht. Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal.”
16
Bhí sé ag imeacht leis cois fharraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí sa bhfarraige, mar iascairí a bhí iontu.
17
Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.”
18
Dʼfhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.
19
Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach.
20
Dʼfhág siad a n-athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.
21
Chuaigh siad isteach i gCafarnáúm. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.
22
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; dá dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
23
Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:
24
“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
25
Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”
26
Bhain an spiorad míghlan rachtanna as an duine, ghlaoigh amach go hard agus dʼimigh as.
27
Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua dá dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”
28
Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
29
Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.
30
Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.
31
Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. Dʼfhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
32
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.
33
Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais,
34
agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.
35
Dʼéirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus dʼimigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.
36
Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,
37
agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”
38
Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”
39
Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.
40
Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”
41
Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!”
42
Dʼfhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.
43
Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill
44
ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a dʼordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”
45
Ní túisce a dʼfhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16