bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Mark 15
Mark 15
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Ar maidin bhí a gcomhairle ullamh gan mhoill ag uachtaráin na sagart fara na seanóirí agus na scríobhaithe–an tsainidrín uile. Tar éis dóibh Íosa a cheangal, thug siad leo é agus thug ar láimh é do Phíoláit.
2
Dʼfhiafraigh Píoláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis dá fhreagairt: “Tá sé ráite agat.”
3
Agus chuir uachtaráin na sagart a lán ina leith.
4
Dʼfhiafraigh Píoláit de arís: “Nach bhfuil aon fhreagra agat dá thabhairt? Féach a bhfuil acu dá gcur i do leith!”
5
Ach níor thug Íosa freagra ar bith eile, rud a chuir ionadh ar Phíoláit.
6
Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor.
7
Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dún-mharú déanta acu sa cheannairc.
8
Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách.
9
Dʼfhreagair Píoláit iad dá rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?”
10
Óir bhí a fhios aige gur formad faoi deara dʼuachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh.
11
Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.
12
Agus dúirt Píoláit leo arís dá bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?”
13
Scread siad arís: “Céas é!”
14
Dúirt Píoláit leo: “Ach, cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
15
Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
16
Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.
17
Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.
18
Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Is é do bheatha, a Rí na nGiúdach!”
19
Agus bhí siad dá bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.
20
Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air. Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh.
21
Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón Círéinéach, athair Alastair agus Rufas, chuir siad dʼfhiacha air a chros a iompar.
22
Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgatá–a chiallaíonn ‘Áit an Chloiginn’.
23
Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, dá thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é.
24
Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, dá gcur ar chrainn féachaint cén ball a bhéarfadh gach duine.
25
Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é.
26
Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.”
27
Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.
28
Agus comh-líonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.”
29
Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ha, há! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!
30
Saor thú féin! Tar anuas ón gcros!”
31
Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh.
32
Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí dá gcéasadh mar aon leis, bhí siad dá aithisiú freisin.
33
Nuair a tháinig an séú huair, luigh dorchadas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair.
34
Agus ar an naoú huair mʼéigh Íosa de ghlór ard: “Elóí, Elóí, lamá sabachthaní?” a chiallaíonn: ‘A Dhia, a Dhia, cén fáth ar threig tú mé?’
35
Dúirt cuid dá raibh ina seasamh timpeall ar a chloisteáil sin dóibh: “Féach, tá sé ag glaoch ar Éilias.”
36
Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é a thógáil anuas.”
37
Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.
38
Agus réabadh brat an Teampaill ina dhá chuid ó bhun go barr.
39
An taoiseach céid a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é an duine sin Mac Dé.”
40
Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae.
41
Bhídís seo dá leanúint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go hIarúsailéim in éineacht leis.
42
Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurbh é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid)
43
tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Píoláit agus dʼiarr corp Íosa air.
44
Bhí ionadh ar Phíoláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céid agus dʼfhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin.
45
Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céid, cheadaigh sé an corp a thabhairt dʼIósaef.
46
Cheannaigh Iósaef línéadach agus thóg anuas den chros é agus dʼfhill sa línéadach é agus chuir é i dtuama a bhí gearrtha as carraig, agus dʼiompaigh cloch mhór le béal an tuama.
47
Bhí Máire Mhaigdiléana, agus Máire máthair Iósaes ag breathnú ar an áit ar cuireadh é.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16