bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Mark 11
Mark 11
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim, agus iad chomh fada le Béatfaigé agus Béatáine i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir sé beirt dá dheisceabail uaidh,
2
agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair agus láithreach ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin. Scaoiligí é agus tugaigí libh é.
3
Agus má deir aon duine libh: ‘Cad atá sibh a dhéanamh?’ abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leis. Ach cuirfidh sé ar ais anseo gan mhoill é.’”
4
Dʼimigh siad leo agus fuair an searrach ceangailte ag doras, lasmuigh ar an tsráid agus scaoil siad é.
5
Agus dúirt cuid dá raibh ina seasamh ansiúd leo: “Cad ab áil libh ag scaoileadh an tsearraigh?”
6
Dʼfhreagair siad faoi mar a dúirt Íosa leo, agus scaoil siad leo.
7
Agus thug siad leo an searrach go dtí Íosa agus chuir siad a mbrait anuas air agus chuaigh sé ina shuí air.
8
Leath a lán daoine a mbrait ar an mbóthar, a thuilleadh craobhacha a bhain siad sna goirt;
9
agus na daoine a bhí roimhe amach, agus iad siúd a bhí dá leanuint, bhí na gártha acu dá gcur suas: “Hósana! Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna!
10
Is beannaithe ag teacht í, Ríocht ár nAthar, Dáiví! Hósana sna harda!”
11
Agus chuaigh sé isteach in Iarúsailéim, agus isteach sa Teampall. Bhreathnaigh sé ar gach ní ina thimpeall, ach ó bhí an déanaí ann cheana féin, chuaigh sé amach go Béatáine leis an dáréag.
12
Agus iad ag fágáil Bhéatáine lá arna mhárach, bhí ocras air.
13
Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann figí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfigí é.
14
Labhair sé leis an gcrann figí: “As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,” ar sé. Agus chuala a dheisceabail é.
15
Tháinig siad ansin go hIarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;
16
ná ní cheadódh sé dʼaon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall.
17
Agus bhí sé dá dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”
18
Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.
19
Agus nuair a tháinig an tráthnóna dʼimigh siad amach as an gcathair.
20
Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann figí seargtha óna fhréamhacha.
21
Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann figí ar ar chuir tú do mhallacht, féach, Tá sé seargtha.”
22
Dúirt Íosa leo ag freagairt: “Bíodh creideamh agaibh i nDia.
23
Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh sa bhfarraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.
24
Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh dá impí agus dá iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.
25
Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith. (
26
Ach mura maitheann sibh-se ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)”
27
Tháinig siad go hIarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall dʼÍosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis:
28
“Cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t-údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?”
29
Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agam-sa le cur oraibhse; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh:
30
baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.”
31
Ach rinne siad machnamh ar an scéal mar seo ina gcroí: “Má deirimid ‘ó Neamh’,
32
déarfaidh sé: ‘Cén fáth nár chreid sibh ann?’ Ach dá ndéarfaimis ‘ó dhaoine’”–bhí eagla orthu roimh an bpobal mar bhí meas fáidh dáiríre acu ar Eoin–
33
agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach a oiread, cén t-údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16