bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Mark 8
Mark 8
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
1
Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo:
2
“Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu,
3
agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.”
4
Dʼfhreagair a dheisceabail é: “Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo sa bhfhásach?”
5
Dʼfhiafraigh sé díobh: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Seacht gcinn”, ar siad-san.
6
Dʼordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilín, dʼaltaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,
7
agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iad-san a chur os a gcomhair freisin.
8
Dʼith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhín.
9
Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad.
10
Chuaigh sé ar bhord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dhalmanúta.
11
Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.
12
Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.”
13
Dʼfhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile.
14
Rinne siad dearmad aon arán a thabhairt leo, agus ní raibh sa bhád acu leo ach aon bhuilín amháin.
15
Agus thug sé foláireamh dóibh a rá: “Bígí aireach agus seachnaígí sibh féin ar ghabháil na bhFairisíneach agus ar ghabháil Héaróid.”
16
Agus bhí siad-san ag plé an scéil le chéile: nach raibh aon arán acu.
17
Bhí a fhios ag Íosa agus dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag plé an scéil gan arán a bheith agaibh? Nach bhfuil tuiscint agaibh fós nó meabhair? An bhfuil bhur gcroí dúr?
18
Cé go bhfuil súile agaibh, an ea nach bhfeiceann sibh, agus cé go bhfuil cluasa agaibh an ea nach gcluineann sibh? Agus nach cuimhin libh,
19
nuair a bhris mé na cúig bhuilín don chúig mhíle, cé mhéad ciseán lán de bhruscar a thóg sibh suas?” Dúirt siad: “Dhá cheann déag.”
20
“Agus na seacht gcinn don cheithre mhíle, cé mhéad cléibhín lán de bhruscar a thóg sibh?” Dúirt siad: “Seacht gcinn.”
21
Agus dúirt sé leo: “Nach dtuigeann sibh fós?”
22
Tháinig siad go dtí Béatsáide, agus bhí daoine a thug fear dall chuige agus rinne siad achainí air baint leis.
23
Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air dʼfhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”
24
Dʼardaigh seisean a shúile agus dúirt: “Feicim daoine, ach samhlaím gur crainn iad ag siúl.”
25
Ansin leag sé a lámha ar a shúile arís agus bhreathnaigh an dall go géar agus rinneadh slán arís é agus bhí radharc glan aige ar gach uile ní.
26
Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: “Ná téigh isteach sa bhaile mór, fiú amháin.”
27
Dʼimigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCaesairia Philib, agus sa tslí dóibh dʼfhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?”
28
Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
29
Dʼfhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibh-se mé?” Dúirt Peadar leis dá fhreagairt: “Is tú an Críost.”
30
Agus dʼordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.
31
Thosaigh sé dá theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
32
Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.
33
Ach dʼiompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i dʼaigne ach smaointe daoine.”
34
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine a bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
35
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.
36
Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?
37
Óir cad a dʼfhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
38
Óir cibé ar náir leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is náir le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16