bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Mark 16
Mark 16
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.
2
Agus an-mhoch ar an gcéad lá den tseachtain, agus an ghrian ina suí, tháinig siad go dtí an tuama.
3
Agus bhí siad dá rá le chéile: “Cé a iompóidh an chloch siar dúinn ó bhéal an tuama?”
4
Ach nuair a dʼfhéach siad, chonaic siad go raibh an chloch iompaithe siar. Bhí sí an-mhór.
5
Agus nuair a chuaigh siad isteach sa tuama, chonaic siad an fear óg ina shuí ar dheis agus éide gheal air, agus tháinig scéin orthu.
6
Ach dúirt sé leo: “Ná bíodh scéin oraibh. Íosa Nazairéanach, an té a céasadh, atá sibh a lorg. Dʼéirigh sé. Níl sé anseo. Féach an áit inar chuir siad é.
7
Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’”
8
Tháinig na mná amach agus theith siad ón tuama mar ghabh scanradh agus uamhan iad. Agus ní dúirt siad aon ní le haon duine; óir bhí eagla orthu.
9
Tar éis aiséirí dó maidin an chéad lae den tseachtain, thaispeáin sé é féin ar dtús do Mháire Mhaigdiléana, an bhean as ar chaith sé seacht ndeamhan amach.
10
Dʼimigh sise agus dʼinis sí é don mhuintir a bhíodh in éineacht leis, agus iad-san ag caoi agus ag gol.
11
Ach nuair a chuala siad-san go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.
12
Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.
13
Tháinig siad-san ar ais agus dʼinis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iad-san.
14
Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus dʼathchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
15
Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaitheacht uile.
16
An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.
17
“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i mʼainm-se, labhróidh siad i dteangacha nua;
18
tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóibh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”
19
Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar Neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.
20
Ach iad siúd, dʼimigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16