bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Romans 10
Romans 10
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
1
Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad.
2
Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é.
3
Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé.
4
Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann.
5
Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: “An té a chomh-líonann í, mairfidh sé inti.”
6
Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);
7
nó: “Cé a rachaidh síos sa duibheagán?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh).
8
Ach cad a deir sé? “Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí” (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt).
9
Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú.
10
Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn.
11
Agus deir an scrioptúr: “Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.”
12
Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air,
13
“mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.”
14
Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa té nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine dá fhógairt dóibh?
15
Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”
16
Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: “A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?”
17
Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin.
18
Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”
19
Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois: “Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.”
20
Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: “An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do mʼfhiafraí, is dóibh a dʼfhoilsigh mé mé féin.”
21
Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16