bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Romans 15
Romans 15
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan a bheith ar mhaithe linn féin
2
ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa dʼfhonn é a neartú.
3
Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: “Is orm-sa a thit aithisí na ndaoine a bhí do dʼaithisiú.”
4
Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.
5
Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa
6
ar shlí go mbeidh sibh dʼaontoil agus dʼaonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
7
Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.
8
Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú
9
agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: “Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do dʼainm le duan.”
10
Agus deirtear in áit eile: “Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.”
11
Agus in áit eile fós: “Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile agus móradh na pobail go léir é.”
12
Agus arís, deir Íseáia: “Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiúin a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.”
13
Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
14
I dtaca libh-se, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.
15
Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh–agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd–chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim dá dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia,
16
a bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
17
Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost.
18
Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh,
19
le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mór-thimpeall chomh fada le hIllireacam.
20
Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile,
21
ach déanamh mar atá scríofa: “Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.”
22
Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh.
23
Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh,
24
nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibh-se mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.
25
I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go hIarúsailéim le cabhair do na naoimh.
26
Thograigh an Mhacadóin agus an Acháia bailiúchán airgid a dhéanamh i gcomhair a bhfuil de bhochtáin ar na naoimh in Iarúsailéim.
27
Ach má tá go ndearna siad, is iad féin atá faoi chomaoin acu-san. Mar, má fuair na gintlithe a gcion de mhaoin spioradálta na nGiúdach, ba chóir dóibh fónamh dóibh-sean lena maoin shaolta.
28
Chomh luath agus a bheidh an gnó seo curtha i gcríoch agam, agus an fáltas seo seachadta slán faoi shéala dóibh, cuirfidh mé chun siúil bhur mbealachsa go dtí an Spáinn
29
agus tá a fhios agam go mbeidh flúirse de bheannachtaí Chríost agam daoibh ar mo theacht dom chugaibh.
30
Táim dá iarraidh dʼachainí oraibh, a bhráithre, trínár dTiarna Íosa Críost agus trí ghrá an Spioraid Naoimh, cuidiú liom sa choimhlint atá romham le hurnaithe a dhéanamh chun Dé ar mo shon,
31
go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair dʼIarúsailéim;
32
agus le toil Dé tiocfaidh mé chugaibh faoi lúcháir agus ligfidh mé mo scíth in bhur measc.
33
Dia na síochána libh go léir. Áiméan.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16