bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Romans 11
Romans 11
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Ceist agam mar sin: An bhfuil Dia tar éis a phobal féin a shéanadh? Níl ar chor ar bith. Nach Iosraelach mé féin de shliocht Abrahám agus de threibh Bhiniáimin?
2
Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael dá gcásamh aige le Dia:
3
“A Thiarna, mharaigh siad do chuid fáithe, leag siad dʼaltóirí ar lár, níor fágadh ach mé féin agus tá siad ar thóir mʼanama.”
4
Agus cad é an freagra a thug Dia air? “Choimeád mé dom féin seacht míle fear nár fheac a nglúin do Bhál.”
5
Is é an dála céanna é san am i láthair: tá fuíoll ann agus iad tofa trí ghrásta.
6
Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.
7
Cad a thagann de sin? Tá, an ní a raibh clann Iosrael ar a thóir, ní bhfuair siad é; ach an mhuintir thofa, fuair siad agus cruadh an chuid eile,
8
mar atá scríofa: “Dhall Dia an aigne iontu: dʼfhág sé a súile gan radharc agus a gcluasa gan éisteacht go dtí an lá inniu féin.”
9
Agus deir Dáiví freisin: “Go raibh a bhféasta ina ghaiste dóibh agus ina líon, ina cheap tuisle agus ina shás pionóis dóibh.
10
Go ndalltar a súile chun nach mbeidh radharc acu, agus coinnigh a ndroim ar cromadh de shíor.”
11
Ceist eile agam: An é tuisle a dtreascartha a baineadh as na Giúdaigh? Ní hea ar chor ar bith; ach ba chúis slánaithe do na gintlithe a gcoir ar shlí go mbeadh cúis éada ag na Giúdaigh leo.
12
Má ba rath ar an domhan a gcoir agus má ba rath ar na gintlithe a meath, nach mó go mór an rath a bheidh ann nuair a thiocfaidh a líon iomlán isteach.
13
Agus tá rud le rá agam libh-se, a ghintlithe: Sa mhéid gur mé aspal na ngintlithe, is ag méadú mʼfheidhmeannais a bheidh mé
14
le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.
15
Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh?
16
Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é.
17
Agus má scoitheadh féin cuid de na craobhacha den chrann olóige agus má nódaíodh thusa, an ológ fhiáin, ina n-áit sa tslí go bhfuil tú páirteach anois i sú na holóige,
18
ná bí dá mhaíomh sin ar na craobhacha scoite. Ach má tá maíomh le déanamh agat, bí ag maíomh nach tusa atá ag iompar na fréimhe ach gurb í an fhréamh atá do dʼiomparsa.
19
Déarfaidh tú liom ar ndóigh: “Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.”
20
Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.
21
Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leat-sa ach a oiread.
22
Tabhair do dʼaire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leat-sa–ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith.
23
Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann.
24
Má gearradh thusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n-ológ dhílis féin?
25
Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní háil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid dʼIosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach
26
agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: “Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób.
27
Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo nuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.”
28
Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia–rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí,
29
mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná a rogha.
30
Bhí sibh-se tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan.
31
Is é an dála céanna acu siúd é: tá siad-san éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfar trócaire orthu chomh maith.
32
Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht dʼfhonn trócaire a dhéanamh orthu uile.
33
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
34
“Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?”
35
Nó “Cé a thug rud riamh dó go bhfaigheadh sé a chúiteamh?”
36
Mar is uaidh-sean agus trídsean agus dó-san gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Áiméan.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16