bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Romans 13
Romans 13
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad.
2
Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is ag cur in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin.
3
Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh
4
mar is é seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t-olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh dá iompar aige: is é seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t-olc.
5
Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith.
6
Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé iad na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo.
7
Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin dʼfhear na cánach agus an dleacht dʼfhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.
8
Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.
9
Na haitheanta “ná déan drúis,” “ná déan marú,” “ná déan goid,” “ná santaigh,” agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: “Gráigh do chomharsa mar thú féin.”
10
Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comh-líonadh an dlí.
11
Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.
12
Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais.
13
Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúis, gan achrann gan éad.
14
Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn dʼfhonn a hainmhianta a shásamh.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16