bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Romans 2
Romans 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
1
Ar an ábhar sin níl aon leithscéal agat-sa, a dhuine, is cuma cé thú féin, má thugann tú breith ar dhaoine eile, mar ag tabhairt breithe ar an bhfear thall duit, is tú féin atá tú a dhaoradh, de bhrí go ndéanann tú féin, an breitheamh, na nithe céanna.
2
An breithiúnas, áfach, a thugann Dia ar dhaoine a dhéanann a leithéidí sin, tá a fhios againn go mbíonn sé de réir na fírinne.
3
Ach tusa, a dhuine, a bhíonn ag tabhairt breithe ar na daoine a dhéanann na nithe sin, an é a mheasann tú go n-éalóidh tú ó bhreithiúnas Dé agus tú féin dá ndéanamh chomh maith leo?
4
Nó an amhlaidh is beag ort saibhreas a chineáltais agus a fhoighne agus a fhadfhulaingthe? Nach bhfuil a fhios agat gur do do bhrostú chun aithrí atá cineáltas Dé?
5
Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithríoch tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lá úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,
6
a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha.
7
An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus ar onóir agus ar mharthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;
8
fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.
9
Is ea, beidh ainnise agus anacair ar gach daonnaí a dhéanann an t-olc, ar an nGiúdach ar dtús agus ar an nGréagach chomh maith.
10
Ach glóir agus onóir agus síocháin a bheidh ag cách a dhéanann an mhaith, ag an nGiúdach ar dtús agus ag an nGréagach chomh maith,
11
mar ní thaobhaíonn Dia le daoine seachas a chéile.
12
Gach duine dá ndearna peaca gan a bheith faoi réir an dlí caillfear é gan an dlí a chur san áireamh. Ach aon duine dá ndearna peaca agus é faoi réir an dlí, is de réir an dlí a thabharfar breith air.
13
Mar ní hiad na daoine a chloiseann an dlí atá fíréanta i bhfianaise Dé; ach lucht an dlí a choimeád a fhíréanófar.
14
Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomh-líonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu.
15
Taispeánann siad go bhfuil éirím an dlí greanta ar an gcroí. Agus mar fhianaise bhreise acu tá a gcoinsias féin agus a gcuid plé le chéile de réir mar a bhíonn siad dá chiontú seo nó dá chosaint siúd,
16
an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.
17
Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;
18
agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n-aithníonn tú na nithe is fiúntaí;
19
má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill thú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,
20
gur tú oide na n-ainbhiosán agus múinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí–
21
tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid?
22
Bíonn tú dá rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill?
23
Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh?
24
Mar de réir an scrioptúir: “Is sibh-se faoi deara ainm Dé a bheith dá mhaslú i measc na ngintlithe.”
25
Is tairbheach é an timpeall-ghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as.
26
Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n-áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá?
27
Go deimhin an té atá gan timpeall-ghearradh na colainne, má chomh-líonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ort-sa a bhíonn ag sárú an dlí dʼainneoin cód scríofa agus timpeall-ghearradh a bheith agat.
28
Mar ní fíor-Ghiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíor-thimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn.
29
Ní hea, ach is é is fíor-Ghiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíor-thimpeallghearradh ann, timpeall-ghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16