bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Daniel 10
Daniel 10
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 11 →
1
Uain na Feirge
2
Sna laethanta úd bhí mise, Dainéil, ag déanamh aithrí ar feadh trí seachtaine.
3
Níor chaith mé aon sólas, ní dheachaigh feoil ná fíon i mo bhéal, ná níor chuir mé uinnimint ar bith orm féin go ceann na dtrí sheachtaine sin.
4
Ar an gceathrú lá fichead den chéad mhí, ag seasamh dom ar bhruach na habhann móire, an Tigris is é sin,
5
d' ardaigh mé mo shúile agus d' fhéach mé: Seo fear in éadach lín, agus crios d' ór fíre timpeall a choime;
6
bhí a chorp mar bheiril, a cheannaithe ar dhealramh na tintrí, a shúile mar lóchrainn lasracha, a lámha agus a chosa ar lí an phráis líofa, foghar a bhriathar mar ghlór slua.
7
Mise amháin, Dainéil, a chonaic an fhís seo, mar na fir a bhí faram, ní fhaca siad an fhís ach tháinig ballchrith mór orthu agus theith siad i bhfolach.
8
Fágadh i m' aonar mé ag faire na físe móire seo; d' imigh mo neart, d' athraigh mo lí chun uafaireachta, agus chaill mé mo lúth.
9
Ansin chuala mé fuaim a bhriathra agus le fuaim a bhriathra thit mé i dtámhnéal ar mo bhéal agus ar m' fhiacla ar an talamh.
10
Féach! bhain lámh liom, agus chuir sí creathán ar mo ghlaca agus ar mo ghlúine.
11
Agus dúirt sé liom: «A Dhainéil, dá dtugtar mórghrá, tabhair cluas do na focail a déarfaidh mé leat: seas suas mar is chugatsa a cuireadh mé anois.» Ag rá na bhfocal seo dó siúd, d' éirigh mé i mo sheasamh agus mé ar crith.
12
Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ort, a Dhainéil, is clos d' fhocail ón gcéad lá ar dhírigh tú d' aigne ar an tuiscint agus ar bheartaigh tú thú féin a umhlú i láthair do Dhé; agus toisc do bhriathra atáimse tagtha.
13
Chuir prionsa ríocht na Peirse i mo choinne ar feadh lá agus fiche: ach tháinig Mícheál, ceann de na príomhphrionsaí, i gcabhair orm, agus d' fhág mé ansiúd é le prionsa ríocht na Peirse,
14
agus tháinig mé chun a chur i dtuiscint duit cad atá le titim amach do do mhuintir i gcrích na laethanta; mar féach, seo fís eile do na laethanta sin.»
15
Nuair a bhí na nithe sin ráite aige liom d' iompaigh mé m' aghaidh chun talún gan focal asam;
16
agus féach, neach amhail mac duine ag baint le mo bheola; ansin d' oscail mé mo bhéal chun labhartha, agus dúirt mé leis an té a sheas os mo chomhair: «A thiarna, de dheasca na físe tháinig pianta orm agus fágadh gan neart mé.
17
Agus conas is féidir le searbhónta do thiarna labhairt le do thiarna, mar nach bhfuil aon neart fágtha ionam agus gan anáil ionam.»
18
Bhain an té a bhí ar dhealramh duine liom arís agus neartaigh mé.
19
Dúirt sé: «Ná bíodh eagla ortsa, dá dtugtar mórghrá; síocháin duit! Bíodh neart agat is misneach ort!» Fad a bhí sé ag labhairt liom, bhraith mé neart ag teacht ionam agus dúirt mé: «Labhraíodh mo thiarna, mar neartaigh tú mé.»
20
20a Ansin dúirt sé: «An eol duit cén fáth ar tháinig mé chugat? 20b Caithfidh mé filleadh chun catha le prionsa na Peirse; nuair a bheidh mé réidh leis, féach, tiocfaidh prionsa na Gréige. ABN: 20a, 21a, 20b, 21b
21
21a Is d' fhonn go n-inseoinn duit cad atá scríofa i leabhar na fírinne. 21b Níl neach a throidfeadh láimh liom ina gcoinne seo ach Mícheál, bhur bprionsa,
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12