bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Daniel 4
Daniel 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
1
Nabúcadnazar, rí, do gach pobal, treibh agus teanga dá gcónaíonn ar talamh i ngach cearn: Síocháin libh ina tuile! 3:98
2
3:99 Bheartaigh mé gur chóir na comharthaí agus na fearta a thug an tArd-Dia chun críche tríomsa a fhoilsiú.
3
3:100 Nach mór iad a chomharthaí! Nach tréan iad a fhearta! Ríocht shíoraí a ríocht! Tá a fhlaitheas ó ghlúin go glúin!
4
1 Bhí mise, Nabúcadnazar, go socair i mo theach agus faoi bhláth i mo phálás.
5
2 Rinneadh taibhreamh dom a chuir scanradh orm: i mo luí dom ar mo leaba bhuair mo smaointe agus físeanna mo chinn mé.
6
3 Uime sin thug mé ordú saoithe na Bablóine uile a thabhairt i mo láthair i dtreo go n-inseoidís ciall an taibhrimh dom.
7
4 Ansin tháinig na draoithe, na hasarlaithe, na Caildéigh agus na fáistinigh isteach agus d' inis mé an taibhreamh dóibh, ach ní fhéadfaidís a chiall a chur in iúl dom.
8
5 Faoi dheireadh tháinig Dainéil isteach i mo láthair é siúd ar ar tugadh Béiltiseazar de réir ainm mo dhé, agus ina bhfuil spiorad an Naomh-Dhé agus d' inis mé an taibhreamh dó á rá:
9
6 «A Bhéiltiseazar, a cheannaire na ndraoithe, mar gurb eol dom go bhfuil spiorad an Naomh-Dhé ionat agus nach cás duit aon rún: seo é an taibhreamh a rinneadh dom agus inis a chiall dom:
10
7 Ba iad seo físeanna mo chinn ar mo luí dom ar mo leaba: Féach: crann i lár na talún; ba mhór a airde.
11
8 D' fhás an crann agus neartaigh; ráinig a bharr chun neimhe, agus bhí radharc air ó chiumhaiseanna na cruinne.
12
9 B' álainn a dhuilliúr, ba líonmhar a thoradh. Ba ann a fuair cách cothú, Bhí sé ina scáth ag ainmhithe an mhachaire, agus lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga, agus cothaíodh an uile fheoil leis.
13
10 Chonaic mé i bhfíseanna mo chinn ar mo leaba: Féach! fear faire fíréan a tháinig ó neamh anuas.
14
11 D' fhógair sé in ard a chinn: ' Gearraigí anuas an crann, ciorraígí a ghéaga de, croithigí a dhuilliúr de, cuirigí scaipeadh ar a thoradh; teitheadh na hainmhithe óna scáth, agus an éanlaith óna ghéaga.
15
12 Ach fágaigí an stocán leis na fréamhacha sa talamh, agus slabhra iarainn agus práis á cheangal, i bhféar mín an mhachaire. Fliuchtar é ó dhrúcht neimhe, agus gurb é féar na talún a chuid ronna i gcuibhreann na n-ainmhithe fiáine.
16
13 Athraítear a chroí ó bheith ina chroí daonna; tugtar croí ainmhí dó, agus téadh seacht n-aimsir thairis.
17
14 Sin breith na bhfear faire agus réiteach na ceiste i bhfocal na Naomh, d' fhonn is go mbeadh a fhios ag gach aon duine beo go bhfuil flaitheas ag an té is Airde ar ríocht na ndaoine; agus go dtugann sé í don té is mian leis agus go gcuireann sé an té is uirísle ar dhaoine os a cionn.'
18
15 «Sin é agaibh an taibhreamh a rinneadh domsa, Nabúcadnazar rí. Agus tusa, a Bhéiltiseazar, foilsigh a chiall mar nár fhéad aon duine de shaoithe mo ríochta a chiall a fhoilsiú dom; ach féadann tusa mar tá spiorad an Naomh-Dhe ionat.»
19
16 Ansin bhí Dainéil ar a dtugtaí Béiltiseazar trí chéile scaitheamh agus ar mearbhall aigne. Labhair an rí agus dúirt: «Ná cuireadh an taibhreamh seo ná a chiall aon chaduaic ort, a Bhéiltiseazar.» D' fhreagair Béiltiseazar: «Go raibh an taibhreamh seo dóibh siúd a thugann fuath duit, agus a chiall do do naimhde.
20
17 An crann sin a chonaic tú, mór agus láidir, agus a ráinig chun neimhe, agus a raibh radharc air ó chiumhaiseanná na cruinne,
21
18 arbh álainn a dhuilliúr agus arbh líonmhar a thoradh, a chothaigh cách, agus a thug scáth d' ainmhithe an mhachaire, agus ar lonnaigh éanlaith an aeir ina ghéaga
22
19 sin é tusa, a rí, a d' fhás agus a neartaigh. Mhéadaigh ar d' ardréim agus ráinig chun neimhe, agus do fhlaitheas go ciumhaiseanna na cruinne.
23
20 Agus maidir leis seo a chonaic an rí: fear faire, naomh, a tháinig anuas ó neamh agus a dúirt: 'Gearraigí anuas an crann, milligí é, ach fágaigí an stocán agus na fréamhacha sa talamh, faoi shlabhraí iarainn agus práis, i bhféar mín an mhachaire, fliuchtar é ó dhrúcht neimhe agus bíodh a chuid aige i gcuibhreann an n-ainmhithe fiáine, go dté seacht n-aimsir thairis'
24
21 seo í an chiall, a rí, agus reacht an té is Airde atá tagtha i bhfeidhm ar mo thiarna, an rí:
25
22 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire, agus caithfidh tú féar a ithe dála an daimh; fliuchfar thú ó dhrúcht neimhe, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis.
26
23 «Agus an t-ordú seo: Fágaigí an stocán agus fréamhacha an chrainn, ciallaíonn sé go seasfaidh do ríocht duit nó go mbeidh a fhios agat gurb é Neamh a rialaíonn gach ní.
27
24 Glac mo chomhairle dá bhrí sin, a rí: Ruaig uait do pheacaí leis an bhfíréantacht a chleachtadh agus d' urchóidí le déirc do bhochta d' fhonn go rachadh fad ar do shíocháin.»
28
25 Tháinig sé sin go léir sa mhullach ar Nabúcadnazar.
29
26 I gceann dhá mhí dhéag bhí sé ag spaisteoireacht ar dhíon pháláis ríoga sa Bhablóin.
30
27 Agus dúirt an rí: «Nach í seo an Bhablóin mhór a thóg mé mar shuí ríogachta le neart mo chumhachta agus chun glóir mo mhórgachta?»
31
28 Sula raibh na focail sin thar a bhéal aige thit guth ó na flaithis: Is leatsa a labhraíodh, a rí Nabúcadnazar! Tá an flaitheas imithe uait!
32
29 Díbreofar thú ó chomhluadar daoine, agus lonnóidh tú le hainmhithe an mhachaire. Caithfidh tú féar a ithe dála an daimh, agus rachaidh seacht n-aimsir tharat, chun go mbeidh a fhios agat gur ag an Té is Airde atá ardfhlaitheas ar ríocht na ndaoine, agus go dtugann sé í don té is áil leis.
33
30 Tháinig an briathar chun críche ar Nabúcadnazar gan mhoill. Díbríodh ó chomhluadar daoine é, agus chrom sé ar fhéar a ithe dála an daimh; fliuchadh é ó dhrúcht neimhe nó gur fhás a ghruaig mar chleiteach iolair, agus a ingne mar chrúba éin.
34
31 I gcríoch na laethanta úd, thóg mise, Nabúcadnazar, mo shúile chun neimhe; d' fhill mo mheabhair orm agus bheannaigh mé an Té is Airde: Mhol mé agus ghlóirigh mé é siúd a mhaireann go brách. Flaitheas síoraí a fhlaitheas. Tá a thiarnas ó ghlúin go glúin.
35
32 Sa mheá le náid a chuirtear áitritheoirí uile na cruinne; ar a thoil atá riaradh sluaite neimhe, agus áitritheoirí na cruinne. Ní fhéadann neach a lámh a chosc ná a rá leis: «Cad atá agat á dhéanamh?
36
33 Láithreach bonn d' fhill mo mheabhair orm, agus, chun glóir mo ríogachta, d' fhill orm m' onóir agus mo dhealramh. Lorg mo chomhairleoirí agus mo mhaithe mé; daingníodh i mo ríocht mé agus mhéadaigh ar mo mhórgacht a thuilleadh fós.
37
34 Anois, mise Nabúcadnazar molaim, móraim agus glóirím Rí neimhe, mar is fíréan iad a oibreacha go léir, agus is cóir iad a shlite uile, agus is féidir leis lucht uaibhreach iompar a ísliú.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12